top of page

Ach ar dtús, caife!

An mbeidh cupán caife agat? Beidh! Go breá ach cén sórt caife ar mhaith leat. Bíonn i bhfad níos mó i gceist na laethanta seo ná giota beag ‘instant’ a chaitheamh isteach sa chupán. Más ceard é an chaife is ceardaí é Martin Anderson i Sonder.


Caipisín - Cappuccino

Déanann an t-ainm Caipisín tagairt do na Bráithre Proinsiasaigh nó Capuchins. Is focal Iodáilis é ‘Cappucio’ agus an chiall a bhaineann leis ná an caipisín nó clóca le cochall a bhíonn á chaitheamh ag na bráithre. Deirtear go bhfuil dath an chaife i gcaipisín an-chosúil le dath aibíd na mbráithre.


Caife Faoi Bhrú - Espresso

Déanann an t-ainm Iodáilis ‘Espresso’ tagairt don phróiseas ina gcuirtear an t-uisce faoi bhrú tríd pónairí caife meilte. Mar is eol dúinn uilig is féidir linn uilig bheith curtha faoi bhrú le cúrsaí an tsaoil agus an-seans gur sin an t-am nuair atá caife faoi bhrú ina rud foirfe chun muid a choinneáil ag gabháil!


Caife Dubh Fada – Americano

Is caife coitianta é an Caife Dubh Fada nó Americano mar a chuirtear air. An rud atá i gceist leis seo ná caife faoi bhrú agus tuilleadh uisce te curtha leis chun deoch níos faide a dhéanamh de!


Caife Bainniúil - Latte

Cuirtear an t-ainm báinín ar latte corruair ach thiocfadh a bheith measca suas ansin idir caife agus geansaí a chniotáil do mhamó duit!! Is ainm dheas é bainniúil do chaife mar seo ina bhfuil neart bainne te agus cúr breá air!


Caife Réidh Bán – Flat White

Bíonn bainne i gCaife Réidh Bán fosta ach an rud atá ann ná nach bhfuil ann ach brat caol réidh bainne galaithe ina luí ar bharr an chaife.



But First, Coffee!


Will you take a cup of coffee? Yes! Great, and what type would you like? There's a lot more to coffee these days than just throwing in a spoon of instant. If the making of coffee is a craft, Martin Anderson of Sonder is certainly a craftsman.


Caipisín - Cappuccino

The name Caipisín is a reference to the Franciscan Brothers or Capuchins. 'Cappucio' is an Italian word meaning the habit or hooded cloak typically worn by the brothers, and it is thus said that the colour of coffee in a cappuccino is very similar to the religious attire of the brothers.


Caife Faoi Bhrú - Espresso

The Italian word 'espresso' encompasses the process in which water is pressed through ground coffee beans. As everyone knows, we can all find ourselves under pressure or 'faoi bhrú' with life's challenges, and that might be the very reason we need an espresso to keep us going!


Caife Dubh Fada – Americano

The Caife Dubh Fada, also know as an Americano is a common choice of coffee. This is just expresso again but with more hot water added to make it a more substantial drink!


Caife Bainniúil - Latte

The name Báinín is often given to a Latte, but occasionally this could get confused with a jumper your granny would knit for you! Bainniúil is a nicer word for a coffee like this, one with plenty of milk and a nice foam!


Caife Réidh Bán – Flat White

Milk is also part of a Caife Réidh Bán or a flat white, but this only contains a thin layer of steamed milk placed on the top of the coffee.

bottom of page