top of page

An bhfuil do chulaith réidh agat don Oíche Ghaelach?

Updated: Sep 7, 2022

Have you sorted your outfit for the Oíche Ghaelach? (Béarla thíos / English below)

Tá an Oíche Ghaelach ar ais faoi dheireadh! I ndiaidh dhá bhliain nuair nach dtiocfadh le Líonra Leitir Ceanainn imeachtaí móra a reáchtáil mar gheall ar an phaindéim tá muid ar ais arís leis an imeacht is mó ar fhéilire na nGaeilgeoirí thart fá Leitir Ceanainn.

Mar chuid d'Fhéile an Fhómhair (30 MF - 2 DF) beidh Oíche Ghaelach againn in Óstán Castle Grove ar an tSatharn 1 Deireadh Fómhair ag tosú ar a seacht a chloig. Dinnéar agus damhsa atá i gceist, le béile den scoth agus ceol iontach le Séan Mac Corraidh agus a chairde ina dhiaidh. Mar is cuimhin le daoine a bhí linn sa bhliain 2019 - agus bhí níos mó na 100 i láthair - is oíche speisialta í a bheireann deis do phobal labhartha na Gaeilge sa bhaile agus níos faide i gcéin teacht le chéile.

Is féidir ticéad ar chostas €40 a cheannach ó Oifig Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn F92YP93 nó teagmháil a dhéanamh linn ar 086 0751663 / 074 9127479 / eolas@lionralc.ie

Gabhann muid buíochas le Foras na Gaeilge as an mhaoiniú a chuirtear ar fáil dúinn chun Féile an Fhómhair agus an Oíche Ghaelach a reáchtáil.


Cuid de na daoine a bhí i láthair linn ag an Oíche Ghaelach 2019







The Oiche Ghaelach is back! After two years when Líonra Leitir Ceanainn could not organise major events because of the pandemic we are now back with the biggest event on the calendar for Irish speakers in the Letterkenny area.

As part of Féile an Fhómhair (the Autumn Festival 30 Sept - 2 Oct) we will have an Oíche Ghaelach in Castle Grove Country House Hotel beginning at 7pm. It will be a dinner dance with a fabulous meal followed by great music from Sean Mac Corraidh and friends. As those who were with us for the event in 2019 - and over 100 people were present - it is a very special night which gives the Irish speaking community in the town and further afield an opportunity to come together.

Tickets, at a cost of €40 each, can be bought from the Líonra Leitir Ceanainn office at 7 Castle Street, Letterkenny, F92YP93 or you can contact us on 086 0751663 / 074 9127479 / eolas@lionralc.ie








bottom of page