top of page

An Focal Beo


Tá féile úr nua ar na bacáin ag Líonra Leitir Ceanainn ag tús mhí na Bealtaine agus mar chuid de beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta againn 10 – 1 agus 2 - 4:30 Dé Sathairn 6 Bealtaine. Ar suim leat tabhairt faoin scríbhneoireacht?

Mar a deir Réaltán Ní Leannáin a bheidh ag díriú isteach ar phrós i gceardlann na maidine, “Beidh neart samplaí ann. Más daoine iad atá ag tosú amach ar an cheird beidh siad in ann dul i ngleic leis na téacsanna (gairide) sin ar leibhéal amháin, má tá taithí acu beidh siad in ann plé leis an téacs ag an leibhéal acu féin. Ach ba mhaith liom go mbeadh gach duine ag teacht amach as an seisiún le píosa dá gcuid féin scríofa, le hábhar staidéir (ar cheird na scríbhneoireachta) agus le heiseamláir a bheas fiúntach.”

Agus mar a deir Dubhán Ó Longáin, a bheidh ag gabháil don fhilíocht, “Ceardlann é seo atá fóirsteanach do thosaitheoirí agus daoine a bhfuil píosaí scríofa acu cheana. Amharcfar ar achan ghné de scríobh na filíochta sa cheardlann seo, ó spreagadh (nó cad a ba chóir a dhéanamh nuair nach bhfuil sin ann), go scríobh, go heagarthóireacht. Beidh seans ag na rannpháirtithe dánta/líne a scríobh agus an tuiscint atá acu ar an rud is filíocht ann a phlé. Cumfar dánta/línte filíochta ar dhóigheanna éagsúla agus pléifear tionchar thimpeallacht an scríbhneora mar aon leis an tionchar a imríonn ceol agus léitheoireacht ar an fhile.”

Beidh spás teoranta agus más rud é gur suim leat an cheardlann seo a dhéanamh (costas €10) nó tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht seo nó imeachtaí eile na féile, déan teagmháil a luaithe agus is féidir le Bairbre ar 086 075 1663 eolas@lionralc.ie.



As Béal Feirste ó dhúchas do Réaltán Ní Leannáin. Tá 4 leabhar dá cuid féin i gcló aici, agus is Eagarthóir Liteartha í den díolaim Bláth na dTulach, díolaim a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin in Oireachtas na Gaeilge, 2022. Tá blag aici, https://turasailse.blogspot.com/

Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2019 agus Scríbhneoir Cónaitheach UNESCO Bhaile Átha Cliath í don bhliain 2021-2022.



Is file, scríbhneoir, taighdeoir, agus teagascóir Gaeilge é Dubhán Ó Longáin. Conallach é atá ag teagasc in Ollscoil Luimnigh agus a bhfuil PhD idir lámha aige in Ollscoil Uladh. An Fhiannaíocht is ábhar dá thaighde dochtúireachta agus is maith leis seanscéaltaí a athmhúnlú agus cor nua-aoiseach a chur iontu ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí.

Tá duaiseanna bainte amach aige mar gheall ar a dhánta ‘traidisiúnta’ agus ‘slam’ araon agus a chéad chnuasach, IDEO Locator, foilsithe ag Coiscéim.

Rinne sé filíocht a aithris ag ócáidí éagsúla, Electric Picnic ina measc.






bottom of page