Seo chugat cuireadh chuig Ciorcal na gCiorcal ó GaelTaca agus Glór na nGael. Más rud é gur mhaith leat bheith páirteach caithfidh tú clárú le eolas@gaeltaca.ie roimh 16:00 ar an Luan 11 Eanáir. Tá spásanna teoranta.
A chara,
Beidh an chéad teacht le chéile de Chiorcal na gCiorcal i 2021 ar siúl ar an Mháirt seo chugainn, 12 Eanáir ag 19:00 ar zoom.
Ba mhór le Gael taca agus Glór na nGael dá mbeadh tú ábalta a bheith linn.
Tiocfaimid le chéile mar slua sa mhór-sheomra ar dtús agus ansin rachaimid chuig na fo-sheomra chun caint le daoine i ngrúpa beag. Beidh dhá deis ann teacht le chéile i fo-sheomraí i ngrúpaí beaga éagsúla, dóibh siúd a bheadh spéis acu ann.
There will be 2 opportunities to meet in small groups on the night for those who are interested in doing so.
Ná dearúd d'ainm agus do Chontae / Tír (má tá tú i do chónaí thar lear) a chur ar an scáileáin, mar shampla Cabriní de Barra, Port Láirge . Cabhróidh sé sin le daoine aithne a chur ar a chéile.
Please ensure you name and county/country is on your screen as this will help people get to know one another.
Seolfar an nasc chugat níos giorra den oíche.
Ag súil go mór leat a bheith linn.
Le gach dea ghuí,
Cabríní
Cabríní de Barra
Glór na nGael
