Ba mhaith le Gael-Taca & Glór na nGael na múrtha fáilte a chur roimh ciorcail comhrá agus grúpaí sóisialta Gaeilge ar fud na hÉireann agus na Cruinne a bheith páirteach i gCiorcal na gCiorcal ar Líne ar 8 Meán Fómhair ag 20:00, am na hÉireann. Beidh deis ann aithne a chur ar dhaoine nua agus b'fhéidir bualadh suas le sean-chairde. Is cuma cén cumas Gaeilge atá ag daoine, bíodh iad líofa nó mar foghlaimeoirí nua, beidh fáilte roimh chách.
Is féidir le daoine áirithint a dhéanamh le eolas@gaeltaca.ie nó cabrini@glornangael.ie agus seolfar nasc chuig an gcruinniú amach chucu. Má insíonn daoine dúinn cén contae nó tír lena mbaineann siad, beimid ábalta meascán deas daoine ó fud fad na háite a chur le chéile!
Beidh daoine ag briseadh suas i 'seomraí' beaga chun an comhrá a éascú agus bogfar daoine timpeall gach 15 nóiméad chun caint le daoine nua.
Bígí linn agus fáilte agus scaipigí an scéal le bhur dtoil!!!
