
Ba mhaith le Gael-Taca & Glór na nGael na múrtha fáilte a chur arís roimh Ciorcail Comhrá agus pobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus na Cruinne a bheith páirteach sa dara Ciorcal na gCiorcal ar Líne ar an 13 Deireadh Fómhair ag 19:00, am na hÉireann.
Beidh deis ann aithne a chur ar dhaoine nua agus b'fhéidir bualadh suas le sean-chairde. Is spás sóisialta é seo agus cuirfear fáilte roimh daoine le Gaeilge labhartha ar gach cumas. Faraoir, níl an ócáid oiriúnach do thosaitheoirí.
Ciorcal na gCiorcal provides an opportunity to meet up with people socially through Irish. Unfortunately, the event is not suitable for beginners.
Is gá áirithint a dhéanamh le eolas@gaeltaca.ie roimh 16:00 ar an Luan 12 Deireadh Fómhair. Spásanna Teoranta.
Seolfar nasc chuig an gcruinniú amach chugat. Ná roinn an nasc le aon duine eile, le do thoil.
Bheadh muid buíoch as eolas faoi do chumas Gaeilge (lag, measartha, ard, líofa) agus faoin gcontae lena mbaineann tú agus tú ag clárú, más cuma leat.
Beimid ag teacht le chéile mar ghrúpa mór ar feadh cúpla nóiméad agus ansin ag briseadh suas i seomraí beaga go tapaigh chun a bheith ag caint le grúpa níos lú. Leanfaidh an comhrá sa ghrúpa beag ar feadh thart ar 30 nóiméad. Coimeádfar an Seomra Mór oscailte i rith an tréimhse. Beidh ceannaire i ngach seomra chun fáilte a chur roimh daoine.
