top of page

Comórtas Scoláireacht Gaeltachta

Updated: Feb 20, 2023





Tá freagracht ar leith ag Líonra Leitir Ceanainn tabhairt faoi phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Leitir Ceanainn. Baineann an comórtas seo le daltaí sa tríú bhliain amháin i meánscoileanna Leitir Ceanainn, is iad siúd

Loreto

Coláiste N. Adhamhnáin

Coláiste na hEaragaile

Coláiste Ailigh

Beidh ar dhaltaí ar mhaith leo scoláireacht 80% (€700 mar uasmhéid) de chostas choláiste samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall a bhaint aiste i nGaeilge, 400 focal a scríobh agus a chur isteach, mar aon leis an fhoirm iarratais, chuig eolas@lionralc.ie ar an téama

“An leas a bhainfidh mé as tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht”

Spriocdháta An Mháirt 28 Feabhra @16:00


Bhí na coláistí samhraidh chor a bheith lán faoin am a fuair muid cead an scéim seo a eagrú. Dá bhrí sin, baineann an comórtas seo go príomha le daoine a bhfuil spás curtha in áirithe i gColáiste Gaeltachta acu cheana féin agus déanfar íocaíocht don choláiste nó aisíocaíocht don teaghlach bunaithe ar fhianaise íocaíochta. Is scoláireacht 80% den táille chun freastal a dhéanamh ar an choláiste atá i gceist – agus arís beidh fianaise de dhíth. Déanfar aisíocaíocht do theaghlaigh na mbuaiteoirí i ndiaidh dóibh an cúrsa Gaeltachta a chur i gcrích. Is é €700 uasmhéid na scoláireachta. Mura gcríochnaíonn an dalta an cúrsa ní íocfar an scoláireacht.

(Má theastaíonn ó dhuine nach bhfuil spás curtha in áirithe acu go fóill spás a aimsiú agus éarlais a íoc faoin 28 Feabhra glacfar leis sin)


Beidh suas go 6 scoláireacht ar fáil. Ní bhronnfar níos mó ná aon scoláireacht amháin ar theaghlach amháin. Má tá aon scoláireacht ag an dalta cheana féin ní bheidh siad incháilithe cur isteach ar an chomórtas seo. Ní bheidh cead ag buaiteoirí aon scoláireacht eile a ghlacadh i ndiaidh dóibh an scoláireacht seo a bhaint agus a ghlacadh. Agus tú ag dul san iomaíocht sa chomórtas seo tá tú ag tabhairt cead dúinn dul i dteagmháil leis an choláiste atá curtha in áirithe agat go dtig linn sonraí a chinntiú agus fianaise a aimsiú maidir le híocaíochtaí agus a leithéid.

Déanfar suas go 12 a roghnú ó na hiarrthóirí uilig agus cuirfear faoi agallamh gairid iad faoi lár mhí an Mhárta. Ní gá do na daltaí a bheith líofa ach caithfidh siad taispeáint do na moltóirí go bhfuil siad toilteanach iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt. Beidh an cinneadh deireanach ag na hagallóirí.

Beidh dualgas ar na buaiteoirí cuidiú agus tacaíocht ar bhonn deonach (20 uair) a sholáthar do Líonra Leitir Ceanainn agus iad san Idirbhliain (2023/2024) chun an Ghaeilge a chur chun cinn le hóige an bhaile.

Coinneofar sonraí teagmhála srl na hiomaitheoirí go sábháilte agus de réir GDPR.



Caithfear na sonraí seo thíos a chur isteach le d'iarratas faoin Mháirt 28 Feabhra @ 16:00.

Tá siad ar fáil mar PDF fosta nó is féidir leat iarr orainn an fhoirm a chur chugat mar WordDoc

Má tá ceist ar bith agat ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@lionralc.ie


Foirm iarratais
.pdf
Download PDF • 158KB

Comórtas Scoláireacht Gaeltachta 2023

Ainm an dalta_________________________________


Ainm na Scoile agus Rang ________________________________


An Cúrsa Gaeltachta atá curtha in áirithe agat – ainm an choláiste, duine teagmhála agus dátaí an chúrsa / The Gaeltacht course you have booked – name of the college, contact person and dates of the course


________________________________________________________________


Ainm an tuismitheora _____________________________


Seoladh ríomhphoist an tuismitheora _________________________________


Uimhir ghutháin an tuismitheora _____________________________________


Más rud é go mbainfidh mé scoláireacht glacfaidh mé leis an dualgas obair dheonach (20 uair) a dhéanamh le Líonra Leitir Ceanainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn le hóige Leitir Ceanainn agus mé san Idirbhliain. Tá na coinníollacha uilig léite agam agus glacaim leo. Cur tic thíos le do thoil.

If I win a scholarship I commit to doing 20 hours of voluntary work with Líonra Leitir Ceanainn during Transition Year to promote Irish among young people in Letterkenny. I have read all the conditions and accept them. Please tick.

Glacfaidh / Yes

Ní ghlacfaidh / No


**************************************************************************************************

Líonra Leitir Ceanainn has a particular responsibility to promote Irish in the Letterkenny area as part of the strategic language plan. This competition is for students in Third Year in the secondary schools in Letterkenny, namely,

Loreto Letterkenny

St Eunan’s College

Errigal College

Coláiste Ailigh


Students who would like to win a scholarship to cover 80% (maximum €700) of the cost of a summer course in the Gaeltacht will need to write an essay in Irish, 400 words, on the following theme and send it, together with the application form, to eolas@lionralc.ie

“An leas a bhainfidh mé as tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht” (The benefit I will get from spending time in the Gaeltacht)

The closing date is Tuesday 28 February 4pm.


Most of the Gaeltacht Summer Colleges were fully booked by the time we received permission to organise this scheme. Consequently, this competition is primarily for those who have already booked a Gaeltacht college course and a payment will be made to the college or a repayment to the family, subsequent to evidence of payment being provided. The scholarship is for 80% of the cost of attending the course – and again evidence of that total cost will be required. In the case of a repayment to the family of a winner that will be done once the student has completed the Gaeltacht course. The maximum payment is €700. If the student does not complete the course the scholarship will not be paid.

(If a person who does not currently have a place booked on a course wants to find one and pay a deposit before 28 February that will also be accepted)


There are up to six scholarships available. No more than one scholarship will be awarded to any one family. If a student already has a scholarship, they will not be entitled to enter this competition. Students who win these scholarships will not be allowed to accept any other Gaeltacht scholarship after having accepted this one. By participating in the competition, you are giving us permission to contact the college in which you have booked a course so that we can confirm details and obtain evidence of payment etc.


Up to twelve entrants will be selected from amongst all who enter and these twelve will do a short interview before the middle of March. The students do not need to be fluent in Irish, but they do need to show a willingness to speak Irish. The interviewers will have the final decision.

The winners will be expected to support Líonra Leitir Ceanainn by providing 20 hours of voluntary work over the period of the Transition Year (2023/2024) to promote Irish among young people in the town.

Contact details etc of entrants will be kept safely and in accordance with GDPR

The details outlined above need to be sent in with your application by 4pm on Tuesday 28 February. The form is also available above as a PDF or you can request it from us as a Word Doc. Contact eolas@lionralc.ie with any questions.


bottom of page