
Comhairliúchán Poiblí – Líonra Leitir Ceanainn
Ba mhaith le Lionra Leitir Ceanainn cuireadh a thabhairt duit chuig comhairliúchán poiblí a bheas a reáchtáil againn ar an 10ú Márta in Óstán Dillons ag 8.00 pm maidir leis an dréacht phlean teanga atá ullmhaithe do bhaile Leitir Ceanainn.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 rinneadh Leitir Ceanainn a ainmniú ar liosta de 16 bailte ar fud na tíre a bhféadfadh stádas oifigiúil a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, ach plean teanga a bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid Aire na Gaeltachta lena fhaomhadh.
Bunaíodh coiste le tabhairt faoi ullmhú an phlean teanga agus roghnaíodh Líonra Leitir Ceanainn mar ainm. Tá obair mhór déanta le 3 bliana anuas i mbun taighde agus suirbhéanna le dearcaithe phobal Leitir Ceanainn a fháil i dtaca leis an Ghaeilge agus na bearta gur mhaith leo a fheiceáil i bplean teanga don bhaile.
Tá dréacht den phlean teanga ullmhaithe anois agus ba mhaith linn deis eile a thabhairt do phobal Leitir Ceanainn a dtuairimí a thabhairt i leith an phlean agus moltaí eile a chur chun tosaigh sular seolfar an phlean ar aghaidh chuig Aire na Gaeltachta.
Bheadh Coiste Líonra Leitir Ceanainn íontach buíoch duit as a bheith rannpháirteach san chomhairliúchán seo agus tá fáilte romhat an scéal a scaipeadh agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile a theacht.
Public Consultation – Líonra Leitir Ceanainn
Líonra Leitir Ceanainn would like to invite you to a public consultation which we will be holding on the 10th March in the Dillons Hotel at 8.00 pm regarding the draft language plan prepared for Letterkenny town.
Under the Gaeltacht Act 2012, Letterkenny was named on a list of 16 towns around the country which could achieve official status as a Gaeltacht Service Town, subject to a language plan being prepared and submitted to the Minister for Gaeltacht Affairs for approval.
A committee was established to undertake the preparation of the language plan and Líonra Leitir Ceanainn was chosen as the brand name. Much work has been done over the past 3 years in researching and surveying the views of the Letterkenny community in relation to the Irish language and the measures they would like to see in the language plan for the town.
A draft of the language plan has now been prepared and we would like to give the people of Letterkenny a further opportunity to comment on the plan and to put forward other proposals before the plan is forwarded to the Minister for the Gaeltacht.
Líonra Leitir Ceanainn would be grateful for your participation in this consultation and you are welcome to spread the word and invite others to come along.