top of page

Comhrá ar líne faoi ábhair éagsúla!

Cuirfidh Líonra Leitir Ceanainn tús le cúpla seisiún comhrá ar líne i mí Mheán Fómhair a phléifidh le hábhair éagsúla. Tiocfaidh na grúpaí le chéile uair sa mhí ina dhiaidh sin, agus tá fáilte romhat freastal orthu. Beidh spásanna teoranta agus is gá clárú roimh ré le eolas@lionralc.ie mar sin.


Is iontach an rud é go bhfuil an saol ag dul ar ais mar a bhí, ar go leor bealaí.


Ach is cinnte gur fhoghlaim muid uilig scileanna nua le cúpla bliain anuas fosta. Caithfidh go bhfuil taithí faighte ag beagnach gach duine againn ar bhualadh le daoine ar líne faoin am seo, ar Zoom, MS Teams nó ar ardáin eile.


Is iomaí buntáiste a bhaineann leis seo, mar a bhíonn deiseanna ag daoine ó cheantair (nó tíortha!) éagsúla teacht le chéile ag an am céanna agus suimeanna coitianta a phlé. Ní bhíonn an brú céanna i gceist do dhaoine áitiúla ó thaobh taistil de ach oiread, mar is féidir le daoine logáil isteach ón bhaile agus freastal ar imeacht in áit dul amach ag tiomáint i rith oícheanta dorcha an gheimhridh, mar shampla. Is féidir aithne a chur ar dhaoine úra agus fiú cairdeas a dhéanamh le Gaeilgeoirí ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin, mar atá le feiceáil go forleathan anois ar fud shaol na Gaeilge.


Ar an ábhar seo, tá áthas ar Líonra Leitir Ceanainn deiseanna a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí teacht le chéile ar Zoom sna míonna atá romhainn, agus tugtar cuireadh mór do Ghaeilgeoirí áitiúla agus do dhaoine níos faide i gcéin teacht ar líne chuig na seisiúin mhíosula seo a fhreastlóidh ar go leor suimeanna éagsúla.


Cuirfear tús le seisiún míosúil ar an bhéaloideas leis an scéalaí iomráiteach Eithne Ní Ghallchobhair ar an 12ú Meán Fómhair 2022. Nuair a chláraíonn daoine leis an seisiún seo, ar a dtabharfar Léigh agus Pléigh, cuirfear an scéal atá le léamh chucu roimh ré, agus brisfear síos an scéal agus déanfar plé air sa seisiún féin. Tá croí Eithne sa bhéaloideas agus neart saineolais aici ar na scéalta seo atá roghnaithe aici, ach cuirfear béim ar an rannpháirtíocht sna seisiúin chomh maith.


Cúpla seachtain ina dhiaidh seo, cuirfear tús le Ré Reatha le Colm Ferriter ar an 26ú Meán Fómhair. Beidh aithne ag Gaeilgeoirí an iarthuaiscirt ar Cholm ón chlár spraíúil tarraingteach, Ruaille Buaille, a chuireann sé féin i láthair ar Highland Radio. Beidh na seisiúin seo mar an gcéanna, le neart comhrá, díospóireachtaí agus craice ar ábhair éagsúla, agus beidh siad fóirsteanach do Ghaeilgeoirí líofa chomh maith le daoine a bhfuil go leor Gaeilge acu ach atá go fóill ag foghlaim agus gur mhaith leo rud éigin difriúil a dhéanamh nach rang foirmeálta é.


Beidh na himeachtaí seo saor in aisce ach beidh spásanna teoranta ar 15 duine sa seisiún, agus liosta feithimh in úsáid. Is féidir leat clárú leo agus níos mó eolais a fháil orthu trí scéal a chur chuig eolas@lionralc.ie.


Tchífidh muid ar líne sibh!

bottom of page