top of page

Creidim ionat!

Labhair Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, faoin fheachtas nua atá ag Foras na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn.



Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh feachtas nua á reáchtáil ag Foras na Gaeilge le tacaíocht ó RTÉ ón Luan, 17 Deireadh Fómhair 2022, go ceann ceithre seachtaine. Mar an eagraíocht uile-oileáin atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, tá an-bhród orainn go bhfuil tacaíocht againn ó RTÉ leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach tarraingteach agus spraíúil.


Is feachtas é Creidim Ionat faoi stiúir meantóirí a bheidh á chur i láthair ag láithreoirí Beo ar Éigean ó RTÉ - Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn. Beidh gach duine acu ag déanamh meantóireachta ar thriúr pearsaí cáiliúla, Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrissey (láithreoir agus tráchtaire de chuid RTÉ) agus Marissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty), chun sprioc phearsanta theanga a bhaint amach. Leanfaidh an pobal a n-aistear ar feadh cheithre seachtaine an fheachtais, agus Beo ar Éigean ag cothú muiníne ina meantaithe gur féidir leosan freisin roinnt Gaeilge a labhairt.


Creidimid go spreagfaidh aghaidheanna poiblí Creidim Ionat eagraíochtaí eile agus an mórphobal le páirt a ghlacadh san fheachtas. Tá fáilte roimh eagraíochtaí ár ngrafaicí feachtais a úsáid ar na meáin shóisialta chomh maith lenár síniú ríomhphoist chun a dtacaíocht a léiriú. Molaimid do dhaoine páirtnéir a roghnú agus sprioc phearsanta theanga a roghnú le baint amach le chéile le linn an fheachtais ceithre seachtaine.


Seo roinnt leideanna praiticiúla le bheith páirteach linn:


- Lean agus úsáid #CreidimIonat ar na meáin shóisialta

- Lean Foras na Gaeilge agus RTÉ ar na meáin shóisialta le fanacht ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil ag éirí le meantóirí Beo ar Éigean leis na meantaithe

- Bain úsáid as GIFeanna nua #CreidimIonat ar Instagram

- Téigh chuig www.forasnagaeilge.ie chun teacht ar acmhainní agus leideanna maidir leis an Ghaeilge

- Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach (agus beidh seans agat ceann dár málaí féiríní Creidim Ionat a bhuachan!)

- Íoslódáil agus úsáid ár n-áiseanna meán sóisialta ó www.forasnagaeilge.ie chun do thacaíocht a léiriú


Roghnaigh páirtnéir, socraigh sprioc!


- Má tá tú ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt, seo anois do sheans. Aimsigh meantóir ar na meáin shóisialta nó cainteoir Gaeilge atá ar d’aithne cheana féin atá in ann cabhrú leat do sprioc a bhaint amach! D’fhéadfadh do sprioc a bheith chomh simplí le roinnt frásaí nua a úsáid, amhrán as Gaeilge a fhoghlaim nó leabhar Gaeilge a léamh.

- Má tá Gaeilge agat, smaoinigh ar thú féin a chun chun tosaigh mar mheantóir ar na meáin shóisialta chun tacú le meantaí sprioc phearsanta theanga a bhaint amach.

- Tacóidh pobal ar líne #CreidimIonat le meantóirí agus meantaithe araon lena n-aistear a bhaint amach.


Tá na hábhair go léir ar fáil ar ár suíomh gréasáin, www.forasnagaeilge.ie, a bheidh ina mhol praiticiúil do gach rannpháirtí. Tá súil againn go mbeidh tú linn agus go gcláróidh tú inniu!

Creidim Ionat!


Seán Ó Coinn, the Chief Executive of Foras na Gaeilge spoke about the new campaign launched by Foras na Gaeilge in partnership with RTÉ

I am pleased to announce that Foras na Gaeilge will be launching a new campaign supported by RTÉ on Monday, 17th October 2022. As the all-island body responsible for the promotion of the Irish language, we are very proud to have RTÉ’s support to promote the Irish language in an engaging an enjoyable way.


Creidim Ionat (I believe in you) is a mentor-led campaign that will be anchored by RTÉ Beo ar Éigean hosts, Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin and Siún Ní Dhuinn. Each of them will mentor three well-known personalities, Michael Fry (Comedian), Marty Morrissey (RTÉ Presenter & Commentator) and Marissa Carter (Founder and CEO of Carter Beauty), in order to achieve a personal language goal. The public will follow their journey over the four weeks of the campaign as Beo ar Éigean instil a sense of belief in their mentees that they too can speak some Irish.


We believe that the public faces of our campaign can encourage other organisations and the broader public to participate on social media from Monday, 17th October. Organisations are welcome to incorporate our campaign graphics on social media as well as our email signature to show their support. Individuals are encouraged to pick a partner and to pick a language goal to achieve together during the four-week campaign.


Here are some practical ways to join us:

· Follow and use #CreidimIonat on social media

· Follow Foras na Gaeilge and RTÉ social media accounts to stay up to date on how Beo ar Éigean are getting on with the mentees

· If you are participating on Instagram, why not use our newly commissioned giphys?

· Visit www.forasnagaeilge.ie to access resources and tips on the Irish language

· Register for our newsletter so that we can support you on your journey (and to win one of our Creidim Ionat goody bags!)

· Download and use our social media assets and email signature from www.forasnagaeilge.ie to show your support

Pick a partner, agree a goal!


- If you would like to speak more Irish, now is your chance. Find a mentor on social media or an Irish speaker you already know that can help you achieve your goal! Your goal could be as simple as reading an Irish language book, learning a song as Gaeilge or using some new phrases.

- If you are an Irish speaker, consider putting yourself forward as a mentor on social media to support a mentee to achieve a language goal. This is your chance to support a friend who would like to speak more Irish.

- The #CreidimIonat online community will support both mentors and mentees on their journey to achieve their goal.


All materials are available on our website, www.forasnagaeilge.ie, which will act as a practical hub and source of support for all participants. We hope you will join us and register today!

Creidim Ionat!

bottom of page