I mbliana, beidh Cruinniú na nÓg, lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga, ar siúl ar an Satharn 13 Meitheamh 2020.
De bharr na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm i láthair na huaire, tá Clár Éire Ildánach agus comhpháirtithe an chláir ag iarraidh go mbeidh leanaí agus daoine óga ábalta dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach agus ina ngairdín féin. Tá liosta thíos de chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl i nGaeilge.
Imeachtaí


Céilí sa Chistin – Iarrann muid ar leanaí, daoine óga agus a muintir céilí a bheith acu ina gcistin féin do Chruinniú na nÓg. Beidh Áirc Damhsa á threorú tríd an traidisiún Gaelach a bhaineann leis na himeachtaí sóisialta poiblí seo agus muid ag fanacht sa bhaile. (Beidh ceann de na físeáin ar fáil i nGaeilge). (Twitter, Facebook agus Instagram)

Bí i do Choimeádaí Scéil – Tá Fighting Words agus Great Lighthouses of Ireland ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí óga idir 7 agus 12 bliana d'aois a bheith ina gCoimeádaithe Scéil - scéal a chumadh ina bhfuil tionchar tithe solais le brath air. Is áiteanna iad tithe solais atá lán le hiontas, áiteanna a choinníonn daoine slán agus iad á dtreorú ó bhaol agus iad ar thuras farraige. Is 19 Bealtaine an sprioc dhó seo. (Tá an físeán Gaeilge ar fáil anseo – ar Facebook agus Twitter. Físeán le Máire Treasa Ní Dhubhghaill freisin maidir le cén chaoi scéal a scríobh anseo.)
Cuir Aip Físchluiche le chéile – Dá mbeadh tú ábalta d'aip físchluiche féin a chruthú, cén sórt aip a bheadh inti? Cuir scéal againn agus in éindí le Whizz Kids Training trína Seomra Ranga Fíorúil, cuideoimid le daoine óga cuairt a thabhairt ar dhomhan dearaidh bogearraí le 4 rang éasca. (Beidh ceann de na físeáin ar fáil i nGaeilge. Ar fáil ar twitter, facebook and instagram).

Filíocht le Branar Téatar: Beidh scríbhneoirí agus ealaíontóir ar nós Inni-K, Mary Murphy, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Liz Weir ag cruthú filíochta nua i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh na dánta agus scéalta nua a chur i láthair i gcomhar leis an ealaíontóir Maeve Clancy agus ar fáil ar líne. (ar fáil ar líne ar Facebook, Twitter agus Instagram)
Na Meáin Shoisialta
Is #CreativeIreland agus #InThisTogether na haisclib atá á n-úsáid ag Éire Ildánach ar na meáin shoisialta agus tá naisc chuig a gcuntais thíos.