top of page

Cruinniú Poiblí | Public Meeting



Beidh cruinniú poiblí ar siúl in Óstán Dillon i Leitir Ceanainn Dé Chéadaoin an 18ú Meán Fómhair ag 7:00pm maidir le plean teanga Leitir Ceanainn.


Ag an chruinniú, roinnfidh Líonra Leitir Ceanainn eolas ar an phlean teanga, a chruthóidh deiseanna nua sa cheantar leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Beidh deis ann fosta dóibh siúd atá i láthair a gcuid tuairimí a roinnt linn maidir leis an phlean teanga agus cad a ba mhaith leo a fheiceáil istigh ann.


Ba mhaith linn cloisteáil ón oiread sin daoine agus is féidir. Tá spás ann do gach duine sa phlean teanga seo, is cuma cén cumas sa teanga atá acu. Beidh deiseanna nua ann do dhaoine óga, don lucht gnó, do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus don phobal trí chéile. An mó ionchur atá ag an phobal is fearr don phlean teanga sa cheantar.


Más maith leat tuilleadh eolais a fháil ar an phlean teanga nó ar an chruinniú poiblí seo, is féidir ríomhphost a chur chuig lionralc@gmail.com nó chuig ursula@cinnteacht.ie. Más fearr leat scairt a chur, déan teagmháil linn ar 0044 2830 898 242.


 

A public meeting will take place in Dillon's Hotel in Letterkenny on Wednesday 18th September at 7:00pm about the Letterkenny Irish language plan.


At the meeting, Líonra Leitir Ceanainn will share information on the Irish language plan, which will bring new oportunities to the area for learning and using the Irish language. There will also be an opportunity for attendees to share their opinions about the language plan and to discuss what they would like to see included.


We hope to see as many people as possible in attendance. There's a space for everyone in the language plan, regardless of the level of fluency in Irish that you currently have.


There will be new opportunities for young people, for local businesses, for parents raising their children through Irish and for the entire community as a whole. The more input that the community has in the language plan, the better the language plan will be for the area.


If you'd like more information on the Irish language plan or about the public meeting, you can email us on lionralc@gmail.com or ursula@cinnteacht.ie. If you would prefer to call, you can contact us on 0044 2830 898 242.

bottom of page