top of page

Cuireadh d'ealaíontóirí


Tá Glór na nGael ag ceiliúradh 60 bliain ar an fhod i mbliana agus mar chuid den cheiliúradh ba mhaith leo píosa ealaíne a chruthú ag comóradh obair na gcoistí pobail ar fad a bhí páirteach sa chomórtas náisiúnta agus na buaiteoirí thar na blianta.

Chuige sin tá comórtas oscailte tosaithe acu d'ealaíontóirí an choimisiún seo a bhuachan le gach eolas ar www.glornangael.ie agus thíos.


60Glór - Saothar ealaíne Cuireadh d’ealaíontóirí


Tugann Glór na nGael cuireadh d’ealaíontóirí aighneacht a chur chugainn roimh 24 Eanáir

2021 le saothar ealaíne a sholáthar do Ghlór na nGael ag comóradh 60 bliain ó bhunú an


eagrais.


1. Cuspóir an phíosa ealaíne:

Saothar neamhspleách, déthoiseach nó tríthoiseach, a suífear lasmuigh d’ardoifig Ghlór na

nGael i Ráth Chairn, Co na Mí. Míneoidh an saothar 60 bliain d’obair fhorbartha i measc

pobal na Gaeilge ar fud na hÉireann. Ainmneoidh an saothar na buaiteoirí náisiúnta ó 1961

ar aghaidh.

2. Ní mór d’ealaíontóirí na gnéithe seo a leanas a thabhairt san áireamh ina n-

aighneachtaí:

- An coincheap: 60 bliain. Obair fhorbartha pobail. An Ghaeilge

- Buaine: Ní mór go mbeidh an saothar téagar agus buan (ach inbhogtha más gá amach

anseo)

- Buiséad: uasmhéid €10,000

- Amlíne:

Spriocdháta d’aighneachtaí: 24 Eanáir 2021 ag 17:00

Spriocdháta roghnaithe: 28 Eanáir 2021

Spriocdháta críochnaithe: 30 Meán Fómhair 2021

3. Cuir san áireamh in aon aighneachtaí:

● Ráiteas gairid (300 focal uasmhéid) ag léiriú conas a fhreagróidh an saothar seo le

‘cuspóir an phíosa ealaíne’

● Cur síos ar an saothar ealaíne. Ní gá íomhá fisiciúil a sholáthar ag an am seo ach

cuirfear fáilte roimh dhearadh simplí, imlíne, clár giúmair nó eile ag léiriú suíomh

fíorúil an tsaothair ar shuíomh Ráth Chairn (íomhá d’oifig Ghlór ar fáil ó shuíomh

www.glornangael.ie)

● Briseadh síos ar chaiteachais an bhuiséid (táillí, ábhar, árachas, táillí eile)

● 3 shampla/grianghraif de choimisiúin eile atá críochnaithe ag an ealaíontóir

● CV ag léiriú fianaise de cháilíochtaí nó gradaim aitheantais nó d’obair eile

críochnaithe an ealaíontóir. (Nascanna go suíomh idirlíne san aireamh)

4. Is ar cinneadh Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a roghnófar an buaiteoir.

Ní bheidh aon dul thar an cinneadh sin

5. Is i bhfoirm leictreonach amháin a ghlacfar le haighneachtaí:

saothar@glornangael.ie


bottom of page