top of page

Cumann Siondróm Down Dhún na nGall

Is eagraíocht é Cumann Shiondróm Down Dhún na nGall a bhunaigh tuismitheoirí chun tacú le baill a bhfuil Siondróm Down orthu lánpháirtíocht sa phobal agus saor-rogha ina saol a bheith acu.

Má tá teaghlach ag súil le leanbh nó breith linbh a ceiliúradh acu agus fios acu go bhfuil siondróm Down ar an leanbh, tá an eagraíocht anseo chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tuigeann siad go maith mar eagraíocht agus mar thuismitheoirí iad féin nach bhfuil an turas seo gan a chuid dhúshlán uathúil agus a gcuid eispéireas nua, ach tá Cumann Shiondróm Down Dhún na nGall breá cleachtaithe leis sin uilig.

Tá sé ríthábhachtach go mbíonn deis ag daoine a bhfuil Siondróm Down orthu scileanna sóisialta agus praiticiúla a fhorbairt. Tá idirghabháil luath agus tacaíocht leanúnach riachtanach chun lánacmhainneacht an duine a uasmhéadú.

Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ó Chumann Shiondróm Down Dhún na nGall, teiripe urlabhra agus teanga, teiripe shaothair, fisiteiripe, ceachtanna snámha, ceoil agus rince, áireamh cumais, scileanna saoil, scileanna litearthachta agus ióga ina measc!

Is féidir tuilleadh eolais faoi na seirbhísí seo uilig a aimsiú ar shuíomh gréasáin úr na heagraíochta ar donegalds.ie. Is suíomh gréasáin dátheangach é seo agus fuair an Cumann tacaíocht agus maoiniú ó Scéim Tacaíochta Gnó de chuid Fhoras na Gaeilge an suíomh a fhorbairt.

Déan teagmháil le Cumann Shiondróm Down Dhún na nGall ar 074 910 3527, ar

donegalds@gmail.com nó buail isteach ar chuairt orthu chuig 4 Theach an Gharda, Bóthar Ard, Leitir Ceanainn F92 TX3X.


The Donegal Down Syndrome Association is an organisation founded by parents to support members with Down Syndrome so that they experience full inclusion within the community and freedom of autonomy in their lives.

Whether a family is expecting a baby or celebrating the birth of a child with Down Syndrome, this organisation is here to provide help and support. As an association, and as parents themselves, they are aware that this journey is not without its unique challenges and new experiences, but the Donegal Down Syndrome Association are well equipped for these things.

They understand how incredibly important it is that those with Down Syndrome have the opportunity to develop social and practical skills, and they also understand that early intervention and continuous support is essential in allowing their members to reach their full potential. The association provides a large range of services such as speech and language therapy, occupational therapy, physiotherapy, swimming lessons, music and dance, ability counts, life skills, literacy and even yoga!

You can find other information regarding all of the above services by heading over to their new website - donegalds.ie. This is a bilingual website, the development of which was supported and funded by the Business Support Scheme of Foras na Gaeilge.

You can also contact the Donegal Down Syndrome Association on 074 910 3527, donegalds@gmail.com, or by calling into 4 Garda House, High Road, Letterkenny F92 TX3X.

bottom of page