
Oifigeach Forbartha Gaeilge
Is Baile Seirbhíse Gaeltachta é Leitir Ceanainn agus is í Líonra Leitir Ceanainn an eagraíocht atá freagrach as Plean Teanga Leitir Ceanainn a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta 2012. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge i Leitir Ceanainn. Tá Comhordaitheoir Pleanála Teanga ar fostú ag an eagraíocht cheana agus anois faoi Scéim Forbartha Líonra Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge tá Oifigeach Forbartha Gaeilge le hearcú.
Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aici i réimse oibre forbartha pobail agus pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá a lorg.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:
Critéir Riachtanach
Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
Tuiscint agus taithí mhaith ar obair forbartha pobail, ar chúrsaí pleanála teanga agus i bplé le coistí / struchtúir pobail
Tuiscint agus eolas maith ar cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus na limistéir pleanála teanga sa chontae
Bheith ábalta feidhmiú mar bhall foirne
Táithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadail
Scileanna maithe cumarsáide, ríomhaireachta, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta
Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais
Critéir Inmhianaithe
Cáilíocht abartha triú leibhéal sa réimse forbartha pobail nó pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar
Is post ar chonradh atá á thairiscint a mhairfidh suas le trí bliana agus beidh an té a cheapfar ag obair i gcuideachta leis an Chomhordaitheoir Pleanála Teanga agus freagrach ach go háirithe as chur i bhfeidhm bearta forbartha pobail a bhaineann le Plean Teanga Leitir Ceanainn. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Líonra Leitir Ceanainn agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe á fheidhmiú.
Tá plean teanga Leitir Ceanainn le fáil ar shuíomh gréasáin Líonra Leitir Ceanainn ag https://www.lionralc.ie
Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe i mbaile Leitir Ceanainn. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu agus teacht ar ghluaisteán.
Tá scala tuarastail Oifigeach Feidhmiúcháin ag gabhail leis an phost ag tosú ar €31,384
Seol iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí ríomhphost chuig lionralc@gmail.com
Spriocdháta le haghaidh iarratais ná 12:00 ar an Luan 21 Márta agus beidh na hagallaimh ar siúl i Leitir Ceanainn le linn na seachtaine ag tosú 4 Aibreán.
Tá an post seo a mhaoiniú ag -
