top of page

Deis fhostaíochta mar Chúntóir Teanga i Leitir Ceanainn



Tá Glór na nGael ag lorg daoine le dul i mbun oibre mar Chúntóirí Teanga sna scoileanna seo a leanas:

● Leitir Ceanainn: Gaelscoil Adhamhnáin (11 uair sa tseachtain ar feadh 32 seachtain)

● Leitir Ceanainn: Coláiste Ailigh (9 n-uair sa tseachtain ar feadh 31 seachtain)

● Leitir Ceanainn: Gaelscoil Adhamhnáin & Coláiste Ailigh (20 uair sa tseachtain ar feadh

31 seachtain)


Tá Scéim na gCúntóirí Teanga taobh amuigh den Ghaeltacht á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, mar bheart sonrach ón bPlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.


Is post páirtaimseartha é seo, ag ráta pá €23.20 san uair

Ag brath ar an scoil, beidh an Cúntóir Teanga freagrach as:

● Cuir le saibhreas cainte daltaí a bhfuil líofacht acu sa teanga

● Páistí a bhfuil cabhair bhreise ag teastáil uathu i dtaobh na teanga de

● Páistí nach í an Ghaeilge a dteanga dúchais


Beidh ar an gcúntóir stór focal, abairtí agus nathanna cainte, cluichí, scéalaíocht, srl a dhéanamh leis na páistí. Beidh an té a cheapfar ag obair faoi stiúir an phríomhoide / mhúinteoir ranga agus mar bhall d'fhoireann na scoile.


Tá sé riachtanach go mbeidh dea-thoil don Ghaeilge ag an té a cheapfar chomh maith le

cruinneas labhartha agus teastas grinnfhiosrúchain. Ba bhuntáiste é cáilíocht sa Ghaeilge nó i

gcúram leanaí, mar aon le taithí ar a bheith ag obair le páistí/déagóirí agus a bheith ag obair mar bhall d'fhoireann, a bheith ag iarrthóirí ach níl seo riachtanach. Beidh grinnfhiosrúchán a

dhéanamh ar duine a cheapfar.


Tá tuilleadh eolais le fail ó Ghlór na nGael. Má tá suim agat sa bpost, líon isteach an fhoirm léiriú spéise ag an nasc thíos roimh 26.06.23 nó seol litir iarratais agus CV chuig:

Sara Ní Chuireáin

Glór na nGael

Ráth Chairn,

Co. na Mí

083 1314681 | sara@glornangael.ie


Foirm léirithe spéise

https://form.jotform.com/231357461568361


Tá an post seo maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus

Meán.

Is fostóir comhdheiseanna é Glór na nGael




















Tá an t-eolas uilig ar fáil anseo mar PDF


Fógra poist Leitir Ceanainn - Cúntóir Teanga (3)
.pdf
Download PDF • 112KB

bottom of page