top of page

Filíocht ó Sam Ó Fearraigh

Updated: May 2, 2023

Cuireadh an tionscadal filíochta seo le chéile mar chuid den fhéile úr nua, An Focal Beo ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Bain sult as an saothar seo ó Sam Ó Ferraigh agus amharc ar an suíomh gréasáin áit a bhfuil saothar filí eile ar fáil.

Tuilleadh eolais faoin fheile thíos faoi nó déan teagmháil linn ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie


This poetry project was drawn together as part of the new festival An Focal Beo, in which Irish will be celebrated as a rich language utterly rooted in the folklore, poetry, philosophy, songs, heritage, history, mythology, creativity and self-understanding of her people. Enjoy now the poetry of Sam Ó Fearraigh and check out the website for more poets.

Further information about the festival is available below or contact us on 086 0751663 eolas@lionralc.ie




Ainmneacha,



is dar ndóigh bhí ann d’am

nach raibh ainmneacha ar na hardaí

ná ar na páirceanna ná cladaí, carraigeacha

ná srutháin, ritheadh páistí – cha raibh ach páistí ann – amach

ag ainmniú le fán – ag glaoch ‘ard a’smolaigh’

ar an áit ar mhothaigh siad an t-éan, nó ‘léim

a’ bhacaigh’ ar an áth ba chaoile dár thrasnaigh siad go dtí

go raibh ainmneacha flúirseach

ar fud an oileáin, gur shuigh focla

go héadrom ar éadan na tíre

inniú bíonn

na crainn ag lúbadh faoina n-ainmneacha, luíonn

soin go trom ar na fearainn, focla

ar na cnoic chomh dlúth le deannach blianta

i dteach fadtréigthe ciúin.

Lá inteacht, cá bhfios

nach dtiocfaidh siorradh gaoithe

a sciobfas, ‘nós an deannaigh, iad

ar

shiúil? (foilsithe in The Poet's Republic | Poblachd nam Bàrd, 2021)

Agus seo Sam é féin, i mbun an dán seo a aithris dúinn




Dán Grá

21 Bealtaine, 2015

Ghlac mé i mo bhéal thú

go bhfaca tú réaltaí úra

ag pléascadh thar imill na hoíche.

Dhá cholainn the

i bhfuarsholas gealaí –

gealach fhuar bhuí

dár mbreathnú le héad

frí fhuinneoga tanaí –

ba chuma linn.

Tháinig an codladh

agus ise á bá

go ciúin ins an aigéan laistiar dínn.

Bhí troime do chodlata

fáiscthe i mo sciatháin

is gile na maidine

ag sní fríd an spéir

amhail seanchneá á cneasú

den chéad uair ariamh.



(foilsithe in Green Carnations | Glas na Gile, 2021)









Balbháin

Seo chugat dhá phictiúr ón tsaol a tháinig romham –


Mo sheanmháthair ag cúlchaint

ina cistin bheag i nGlaschú

beag beann ar a cuid páistí

nach bhfuil a teanga acu.

Mo sheanathair i dtollán

á thochailt sna Garbhchríocha,

fir ag déanamh magaidh

fá chiotrúntacht a Bhéarla.


Ach ní scéal go sonra, amharc aríst –


ar mo sheanmháthair, is í ag obair

den chéad uair i nDùn Èideann:

bíonn uirthi litir a sheoladh, téann

sí amach is aimsíonn bocsa

ach cha sroicheann an litir duine –

tá mearbhall uirthi,

nó chuir sí í go cúramach

i bpoll le ‘litter’ scríofa faoi

go lom soiléir.

Fear trodach a bhí

i m’athair mór, tanaí ach gasta,

char ghlac sé le masla riamh, ach labhair

le dorn nuair a theip ar a theanga – bród

as ar dhíol sé le fostaíocht,

lena shláinte.


Stróic mo sheantuistí an bhéalbhach dá mbéalaibh,

nigh siad a sceadamáin le sáile,

dhiúltaigh siad gobán a bhreith ar a sliochtaigh

ach anois is é muidinne atá balbh.



(Dearadh na n-íomhánna DÚ Designs)




bottom of page