Cuireadh an tionscadal filíochta seo le chéile mar chuid den fhéile úr nua, An Focal Beo ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Bain sult as an saothar seo ó Eithne Ní Ghallchobhair agus amharc ar an suíomh gréasáin áit a bhfuil saothar filí eile ar fáil.
Tuilleadh eolais faoin fheile thíos faoi nó déan teagmháil linn ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie
This poetry project was drawn together as part of the new festival An Focal Beo, in which Irish will be celebrated as a rich language utterly rooted in the folklore, poetry, philosophy, songs, heritage, history, mythology, creativity and self-understanding of her people. Enjoy now the poetry of Eithne Ní Ghallchobhair and check out the website for more poets.
Further information about the festival is available below or contact us on 086 0751663 eolas@lionralc.ie
Rúid, Rúid Eile
A hAon, a Dó
Mhothaigh an giorria glaise an drúchta faoin spága
smeadráilte ar an fhéar agus ar na feaga.
Mhothaigh sí an draíocht chun sonais agus solais,
bhí sí sóch, sítheach i bhfios agus i bhforas.
Agus mhothaigh sí na focail ag borradh ina croí
'Come all, come all, come all to me.
Tar chugamsa, tar chugamsa,
tar deireadh fhad liom féin.'
Phléasc na focail amach ina mbrúcht
agus ina hintinn, ina haigne bhailigh sise drúcht
nó inniu Lá Bealtaine, Lá na Bealtaine Buí.
(Múscail, a Ghiorria. Arlen House. lch. 38)
Bhuail fuinneamh osnádurtha an giorria
nuair a tháinig sí fhad le cabhsa.
D'ardaigh sí a glúine
agus thoisigh ar choiscéim damhsa.
Luascaigh sí agus lúbaigh sí,
ag cromadh agus ag coradh,
misneach s'aici ag ardú,
meanmnach ag borradh.
Rabharta mór ceoil is rince,
bhog sí go ragairneach,
go rithimeach, go tintreach.
Dhamhsaigh sí dithe féin
agus dhamhsaigh sí dá sliocht
a thóg an casán céanna
orthu féin i riocht
úrnua ar an lá seo an uile bhliain
gan aon srian.
Dhamhsaigh sí do na cailleacha,
an lucht sí agus na draoithe.
Dhamhsaigh sí do na luchramáin, na ridirí
agus na saoithe.
Dhamhsaigh sí léi idir anam agus chorp.
Dhamhsaigh sí léi gan staonadh gan stop.
(Múscail, a Ghiorria. Arlen House. lch. 39)
"Bhí lá eile agus an ghrian
ag spalpadh na gcloch.
D'imigh buíon chun na farraige
ar maidin mhoch.
Thóg siad na seoltaí síoda
go siúlach, suaitheanta.
Amach leo ar an fharraige -
na loingseoirí cruthanta.
Thug aghaidh ar an aibhéis mhór
go méadódh a stór.
Buíon ghrusach, ghuasach
ar fharraige fhairsing, shuaiteach.
Agus ghluais siad leo
ar na bristeacha tolgacha,
ar bharr na dtonnta
bolgacha colgacha.
Ní dhearna siad stad mara ná mórchónaí
gur bhain siad a ceartlár amach.
(An Craiceann Agus a Luach Arlen House lch39)
Thit a folt fada fíor-fhionnbhán amach as an ribín órbhuí a bhí carnaithe thart ar a ceann go cúramach aici, an ribín órbhuí a thóg a croí achan mhaidin Aoine. Thit a folt fada fíor-fhionnbhán lena gualainn, lena droim, anáil na gaoithe ag scuabadh na ribí, an uile shifín ag rince, ag damhsa leis féin ar an uaigneas le séimh-shéideáin samhraidh, le bog-shéideáin séasúir — gur neartaigh sí mar ghaoth. Neartaigh, gur ghlac seilbh foilt ina iomlán, gur thóg, gur ardaigh, gur rug, gur fhág an fíorfholt dlúth mar a bheadh bratacha sróil ag seoladh ina diaidh, ag síobadh ar a cúl, ag lúbarnaigh leis an ghaoth. Madadh an dá ruball. D’airigh sí an siorradh gaoithe ach níor stad, níor stop, níor staon sí. Bhí an talamh mín agus cothrom agus rith sí léi go mear, ag imeacht soir siar mar a rinne riamh agus choíche. Bhí an choiscéim agus an tsaoirse léi agus bhainfeadh sí talamh méith astu.
An choiscéim agus an tsaoirse.
An choiscéim agus an tsaoirse.
(Sliocht as an ghearrscéal 'Soineann' atá ar fáil sa leabhar Bláth na dTulach: Diolaim Ultach foilsithe ag éabhlóid)
(Dearadh na n-íomhánna DÚ designs)
Comments