
(Béarla thíos / English below)
Tá gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail luaite mar cheann de na trí mhór-réimsí ar mhaith le Coiste Líonra Leitir Ceanainn díriú orthu sa phlean le húsáid agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú i Leitir Ceanainn mar go gcreideann muid gur féidir an dul chun cinn is éifeachtaí a dhéanamh trí dhíriú isteach ar na réimsí sin. Is léir ó suirbhé a rinne an Líonra, go bhfuil suim ag gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail gach leibhéal Gaeilge a bheith mar chuid den phlean seo agus suim acu iarracht a dhéanamh tuilleadh Gaeilge a úsáid mar chuid dá gcuid gnó. Léiríonn an méid sin ann féin an toil atá ann i measc gnólachtaí agus eagraíochtaí i leith na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag Líonra Leitir Ceanainn gach tacaíocht agus comhairle a thabhairt do ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail ar mhaith leo níos mó úsáide a bhaint as an Ghaeilge agus iad i mbun gnó. I suirbhé a rinne Foras na Gaeilge le tomhaltóirí na hÉireann le gairid, dúirt 50% acu sin a ghlac páirt, gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid agus iad ag plé le gnólachtaí agus bhí 67% acu toilteanach beagán breise a íoc dá mbeadh seirbhís ar fáil i nGaeilge. Mhothaigh an méid a ghlac páirt sa suirbhé go bhféadfaí níos mó Gaeilge a úsáid ar chomharthaíocht, pacáistíocht, foirmeacha, sonraisc agus suíomhanna idirlíon gnólachtaí agus mhothaigh siad go bhféadfaí níos mó fostaithe le Gaeilge a fhostú chomh maith i ngnólachtaí le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith leis an Líonra, gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail an bhaile a chur ar an eolas maidir leis an bhuntáiste breise a bhaineann leis an Ghaeilge do ghnólachtaí trí ceardlanna eolais agus oiliúna a chur ar fail dóibh. Sa mhullach air sin ba mhaith linn eolaire a chur le chéile de ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail a chuireann seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge i Leitir Ceanainn agus tabharfar aitheantas dóibh ar na meáin shóisialta fosta le poiblíocht a thabhairt dóibh. Tá sé i gceist ag an Líonra oibriú i gcomhair le Cumann Tráchtala Leitir Ceanainn ar an Scéim Ghradam Gnó atá a fhorbairt ag Glór na nGael i láthair na huaire, scéim le haitheantas a thabhairt do ghnólachtaí a bhaineann úsáid as an Ghaeilge nó a oibríonn leis an teanga a chur chun cinn agus tá sé i gceist againn an scéim sin a sheoladh go hoifigiúil roimh dheireadh na bliana. Ba mhaith leis an Líonra gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail a spreagadh le comharthaíocht as Gaeilge nó dhátheangach a úsáid agus cuirfear seirbhís aistriúchán ar fáil le tacú leo. Cuirfear tacaíochtaí eile ar fáil de réir mar is gá agus de réir éilimh le tacú leo tuilleadh Gaeilge a úsáid msh. ranganna Gaeilge d’fhostaithe, comharthaíocht inmheánach nó seachtrach agus ceardlanna inmheánacha ar úsáid na Gaeilge. Ar ndóigh, níl sa mhéid atá luaite anseo ach blaiseadh de chuid de na beartais atá beartaithe do ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail i bPlean Teanga Leitir Ceanainn. Ag deireadh an lae, is leis an phobal ina iomláine, gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail san áireamh an plean teanga seo agus beidh fáilte rompu ionchur a bheith acu sa phlean teanga agus moltaí a dhéanamh ina leith i gcónaí.
Seo acmhainn atá curtha le chéile againn le tacú le gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail agus iad ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid agus iad i mbun gnó:
Is féidir an plean ina iomláine a léamh anseo:
Businesses & Community Organisations and the Letterkenny Language Plan

Businesses and community organisations are mentioned as one of three sectors that the Líonra Leitir Ceanainn committee would like to focus on in the plan to increase the use and visibility of Irish in Letterkenny because we believe that the best progress can be made by focusing on these sectors. Based on a survey that the Líonra carried out, businesses and community organisations of all levels of Irish have a keen interest in having an active role in this plan and making an effort to use more Irish in their business. That much in itself shows the willingness among businesses and community organisations to use and promote Irish in their business. Líonra Leitir Ceanainn aims to provide support and advice to businesses and community organisations that wish to use more Irish while doing business. In a survey carried out by Foras na Gaeilge on Irish consumers, 50% of those that took part said that they would like to use more Irish while dealing with businesses and 67% of them said they would be willing to pay a little extra for a service provided in Irish. Those who participated in the survey also felt that businesses could use more Irish on signage, packaging, forms, invoices and websites and also felt that businesses could employ more employees with Irish to provide a service in Irish. The Líonra would like to inform businesses and community organisations of the advantages of Irish to them by organising informative and training workshops. They also hope to compile a database of those businesses and community organisations that provide a service in Irish and they will also receive recognition and publicity on social media for their efforts. Líonra Leitir Ceanainn hope to work with the Letterkenny Chamber of Commerce on the Scéim Ghradam Gnó that Glór na nGael are currently developing, to give recognition to those businesses that use Irish or work to promote Irish in their business and we hope to launch this scheme towards the end of the year. The Líonra would like to encourage businesses and community organisations to use Irish or bilingual signage and a translation service will be available to support them. Other supports will also be provided when necessary to support them to use more Irish, e.g. Irish classes for employees, internal or external signage and internal workshops on the use of Irish in the workplace. These are only some of the measures which will be undertaken to support businesses and community organisations as part of the language plan. Above all else, this language plan belongs to the community, businesses and community organisations included and they will always be more than welcome to have an input in the plan and to make recommendations.
We have compiled the following resource to help any business or community organisation that wishes to use more Irish in their business:
The full plan can be viewed here: