top of page

GRADAIM – An úsáideann do chomhlacht an Ghaeilge?


An raibh a fhios agat go bhfuil 76% den daonra ó thuaidh ar son nó go láidir ar son táirge a úsáideann an Ghaeilge a cheannach sa todhchaí, de réir Amárach Research 2014?


Ní féidir a sheanadh go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an Ghaeilge bheith feiceálach i ngach réimse den tsaol. Tóg mar shampla, ar chomharthaí i mbailte, ar chomharthaí bóithre nó sna siopaí. Sa lá atá inniu ann, tá an-éileamh ann don Ghaeilge a bheith ar fáil do dhaoine ag gach leibhéal, ó chainteoirí dúchasacha go daoine nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu. Leis sin, tá méadú ar líon na gcomhlachtaí agus n-eagraíochtaí atá ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a úsáid agus níos mó seirbhísí tríd an Ghaeilge a chur ar fáil don phobal Gaelach.


Is scéim aitheantais í GRADAIM leis an eagraíocht Gaeilge, Glór na nGael. Tá sé mar aidhm acu chun comhlachtaí a spreagadh níos mó Gaeilge a úsáid mar chuid den chomhlacht agus níos mó seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí.


Cuireann an scéim béim ar leith ar trí chatagóir - Comharthaíocht, Brandáil agus Margaíocht, agus Seirbhís Gaeilge do Chustaiméirí agus Cliant.





Cuireann GRADAIM tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí maidir le comhairle, liosta aistritheoirí, achmhainní Gaeilge saor in aisce, bileoga, foclóirí agus téarmaíochta, bainithe glórphoist agus níos mó!


Tá Fiontraí Óg na Bliana mar chuid den scéim GRADAIM fosta. Bronnfar dhá ghradaim ar leith le linn searmanas bronnta 2022 ar bheirt duine óg a léiríonn bua don fhiontraíocht le Gaeilge. Tá dhá rannóg ann, Aois 12-18 agus Aois 18-21.


Bronnfar trí chineál Ghradam ar chomhlachtaí ag brath ar an mhéid atá bainte amach acu – Gradam Cré-umha, Airgid nó Óir.





Mar an coiste áitiúil do Leitir Ceanainn, tá sé mar aidhm ag Líonra Leitir Ceanainn chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí atá faoin scéim GRADAIM. Tig le Líonra Leitir Ceanainn a chuidiú leat maidir le foirmeacha a líonadh agus mar aon leis sin, tá siad mar theagmháil le Glór na nGael nó Foras na Gaeilge nuair atá sin de dhíth ort. Tugann siad poiblíocht agus aitheantas do na comhlachtaí atá ag obair le Gaeilge agus déanfaidh siad custaiméir a threorú ina dtreo fosta. Faigheann na comhlachtaí deis a labhairt le Glór na nGael faoin scéim ag ceardlanna a chuirimid ar fáil ar GRADAIM.


Tá Scéim Tacaíochta Gnó ar fáil fosta. Is maoiniú meaitseála 50:50 ag Foras na Gaeilge d’fhiontair thráchtála. Is é an t-uasmhéid atá ar fáil faoin scéim seo ná €3,000.


Má tá spéis agat sa scéim GRADAIM, caithfidh tú clárú leis an scéim le Glór na nGael agus Líonra Leitir Ceanainn a ainmniú mar do choiste áitiúil.


Tuilleadh eolais ar an scéim GRADAIM déan teagmháil le Bairbre I Líonra Leitir Ceanainn ar 0860751663 nó eolas@lionralc.ie, nó téigh chuig www.gradaim.ie


Le tuilleadh eolais a fháil agus le fáil amach an bhfuil do ghnólacht i dteideal maoiniú a fháil faoin Scéim Tacaíochta Gnó, déan teagmháil le Pádraig Ó Conghaile ag +353 1 6398463 nó cuir ríomhphost chuig stg@forasnagaeilge.ie.




 


GRADAIM – Does your company use Irish?


Did you know that 76% of the population in the north are in favour, or strongly in favour, of buying a product in the future that uses Irish, according to Amárach Research 2014?


It can’t be denied that it is extremely important for Irish to be seen in every aspect of life. Take for example, on road signs or in shops. These days, there is a great demand for Irish to be available to people at every level, from native speakers to the people that only have a few words of Irish, With that, there is an increase in the number of companies and organisations that want to use more Irish and make more services available through Irish for the Irish community.


GRADAIM is a recognition scheme with the Irish language organisation, Glór nan Gael. It is their aim to encourage companies to use more Irish and to make more services available to their customers through Irish.


The scheme puts emphasis on three categories – Signage, Branding and Marketing, and Irish Language Services for Customers and Clients.


GRADAIM makes support available for companies in regards to advice, lists of translators, free Irish language resources, leaflets, dictionaries and terminology, email greetings and more!


Young Entrepreneur of the Year is part of the GRADAIM scheme also. Two particular awards are given during the awards ceremony 2022 to two young people that highlight a talent for entrepreneurship with Irish. There are two groups, Ages 12-18 and Ages 18-21.


There are three types of awards awarded to companies depending on the amount that they have achieved – Bronze, Silver, or Gold.







As the local committee for Letterkenny, it is Líonra Leitir Ceanainn’s aim to provide support to businesses under the GRADAIM scheme. Líonra Leitir Ceanainn can help you in terms of forms and as well as that, they act as a point of contact with Glór na nGael or Foras na Gaeilge when needed. They publicise and recognise the companies that work with Irish and encourage customers to use their services. Companies get the opportunity to speak with Glór na nGael about the scheme at workshops that they provide about GRADAIM.


There is also a Business Support Scheme available. It is 50:50 match funding from Foras na Gaeilge for commercial enterprises. The maximum available under this scheme is €3,000.


If you are interested in the GRADAIM scheme, register with Glór na nGael and name Líonra Leitir Ceanainn as your local committee.


For more information about the GRADAIM scheme, contact Bairbre in Líonra Leitir Ceanainn on 0860751663 or eolas@lionralc.ie, or visit www.gradaim.ie


To find out more information ort o see if your company is entitled to funding under the Business Support Scheme, contact Pádraig Ó Conghaile on 01 6398463 or email stg@forasnagaeilge.ie.





bottom of page