Le Muireann Nic Aodha
An Cailín Ciúin
Ba é an Cailín Ciúin an chéad príomhscannán Éireanach ag Berlinale, más mall is mithid. Tá an scannán faoi mar atá sa teidil, cailín ciúin, Cáit, nach bhfuil mórán aire tugtha di sa bhaile lena teaghlach mífheidhmiúil. Caitheann Cáit an samhradh le gaolta a máthair mar chlann altrama. Tugann siad aire mhaith do Cháit agus éiríonn sí níos áthasaí mar gheall air ach faraor ní i gcónaí mar a shíltear a bhítear. Cuirtear téamaí na hóige, tuismitheoireacht agus ag atógáil clainne os ár gcomhair.
Bhí an t-ádh linn i gColáiste Ailigh, cuireadh craoladh speisialta ar siúl dúinn agus bhaineamar go léir an-taitneamh go deo as. Mholfainn go mór an scannán a fheiceáil agus ná bí buartha níl an Ghaeilge riachtanach, tá fo-theidil leis!
Ach ní muidine amháin atá ag ceapadh go bhfuil an scannán seo ar dóigh, is iomaí gradaim atá bainte aige, ina measc 7 IFTA agus bhain sé An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ (daoine óga) ag an Berlinale – Féile Scannán Bheirlín an tseachtain seo caite agus gach duais tuillte go maith aige.
Tá an scannán seo scríofa agus stiúrtha ag Colm Bairéid agus é bunaithe ar ghearrscéal ‘Foster’ le Claire Keegan. Is iad Catherine Clinch, Carrie Crowley agus Andrew Bennett na príomhaisteoirí. Is scannán galánta é seo, agus don chuid is mó de, tá na carachtair ag labhairt trí mhéan na Gaeilge!
Feicfear An Cailín Ciúin, a rinneadh faoi scéim TG4 Cine4, ar scáileáin 'Century Cinema' ar an 12 - 15ú Bealtaine 2022 agus is fiú go mór dul le hamharc air agus ná déan dearmad an bosca ciarsúr sin a bheith leat. Beidh sé uait.
Muireann Nic Aodha
Bliain 2
Coláiste Ailigh

An Cailín Ciúin
An Cailín Ciúin was the first Irish film at Berlinale, and not before time too. As the title suggests, the film focuses on a quiet girl, Cáit, who isn’t well cared for at home with her dysfunctional family. Cáit spends the summer with her mother’s relatives as a foster family. They look after Cáit well and she becomes happier as a result but alas, things are not always as they seem, as we are confronted with the themes of youth, parenting and raising children.
We were lucky in Coláiste Ailigh, as a special screening was put on just for us, which we really enjoyed. I would highly recommend seeing this film and don’t worry if you don’t have much Irish, there are accompanying subtitles!
We aren’t the only ones who think that this film is excellent, as it has already won many awards, including 7 IFTA, the Grand Prix and the International Jury’s Special Award in the ‘Generation KPlus’ Category (young people) ag the Berlinale – last week’s Berlin Film Festival – and it is greatly deserving of all of these awards.
This film was written and directed by Colm Bairéid and it is based on the short story ‘Foster’ by Claire Keegan. Catherine Clinch, Carrie Crowley and Andrew Bennett make up the main cast. This is a beautiful film and, for the most part, the characters converse through Irish!
An Cailín Ciúin, which was produced under TG4’s Cine4 scheme, will be shown on 'Century Cinema' screens from 12 – 15th May 2022 and it is well worth a trip to the cinema, as long as you don’t forget to bring the box of tissues with you. You will need it!
Muireann Nic Aodha
Bliain 2
Coláiste Ailigh