top of page

Leitir Ceanainn aitheanta mar an chéad Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga

Updated: Sep 1, 2020

Tá lúcháir ar Choiste Líonra Leitir Ceanainn go bhfuil plean teanga Leitir Ceanainn faomhaithe ag an Roinn. Ba mhaith leis an choiste ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Colm Ó Baoill ó Fhoras na Gaeilge agus le Caitríona Nic Seoin ó Ghlór na nGael as ucht an tacaíocht fíorluachmhar a thug siad dúinn. Ár mbuíochas fosta le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Ursula Ní Shabhaois a bhí mar Chomhairleoir Pleanála Teanga againn agus leis na daoine uilig a bhí páirteach sa taighde. Seo daoibh an preasráiteas ón Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.


31 Lúnasa 2020


Leitir Ceanainn aitheanta mar an chéad Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga

D'fhógair Catherine Martin, T.D. Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus Jack Chambers T.D. Príomh-Aoire an Rialtais agus An tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, inniu, go bhfuil plean teanga Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga – rud a fhágann go bhfuil sé aitheanta mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. D’fhógair siad chomh maith go mbeidh allúntas bliantúil suas le €80,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean. Bainfear leas as an allúntas chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le cabhrú le feidhmiú an phlean teanga don bhaile.

Dúirt an bheirt Aire: “Ba mhaith linn tréaslú leis an eagraíocht Líonra Leitir Ceanainn, agus le muintir an bhaile go ginearálta as an méid atá déanta chun an plean seo a thabhairt go ceann scríbe. Tréaslaímid freisin le Foras na Gaeilge a thacaigh leis an gceanneagraíocht agus an plean á ullmhú. Le ceadú an phlean seo, cuirfear tús le feidhmiú plean teanga den chéad uair i mbaile seirbhíse Gaeltachta . Ní gá a rá go bhfuilimid féin, ár gcuid oifigigh agus  oifigigh Foras na Gaeilge ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámha a chéile le páirtithe leasmhara chun tacú le cur i bhfeidhm phlean teanga Leitir Ceanainn."

Críoch

Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta Department of Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht Teil: (087) 6737338 / (087) 7374427 Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie Twitter: @DeptAHG

bottom of page