Oibrí na Míosa
Is í Sarah Ní Ghiobúin Oibrí na Míosa, Mí na Bealtaine. Tá Sarah ag obair le Margadh na bhFeirmeoirí Bhaile Uí Thuatháile le dhá bhliain anuas, rud a thosaigh sí nuair a bhí sí ar thaithí oibre le linn na hIdirbhliana. As Béal an Átha Móir do Sarah agus tá sí sa chúigiú bhliain i nGairmscoil Chú Uladh. Bíonn Margadh na bhFeirmeoirí ar siúl maidin Dé Sathairn gach seachtain 9:00 – 13:00 ar Bhóthar an Chalaidh (Port Road) i Leitir Ceanainn. Is é John Graham ó Bhaile Uí Thuatháile atá i gceannas ar an mhargadh agus tá sé tugtha sé faoi deara aige go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ag daoine mar go gcloiseann siad Sarah i mbun cainte i nGaeilge le custaiméirí. Buail isteach chuig an mhargadh agus gheobhaidh tú glasraí, uibheacha agus nithe eile den scoth ó Sarah agus seirbhís trí mheán na Gaeilge. Tá bácús iontach ann, bia blasta ó Sia agus tá níos mó ná cúpla focal ag an Bhúistéir Paddy Gildea agus ag Seamus fear na n-iasc! Is féidir leat bia breá, folláin, áitiúil a cheannach agus tús a chur leis an chomhrá i nGaeilge!

Worker of the Month
Sarah Ní Ghiobúin is Worker of the Month for May. Sarah has been working with Ballyholey’s Farmers’ Market for the past two years, something she started doing whilst on work experience during transition year. Sarah is from Ballinamore and she is in fifth year at Gairmscoil Chú Uladh. The Farmers’ Market runs every Saturday morning from 9:00 – 13:00 on the Port Road in Letterkenny. John Graham from Ballyholey is in charge of the market and he has noticed more people using Irish when they hear Sarah talking in Irish with customers. Call into the market and you will find vegetables, eggs and other fantastic produce from Sarah, alongside excellent service through Irish. There is a wonderful bakery, you can get tasty food from Sia, and Paddy Gildea, the Butcher, and Seamus selling the fish also have more than a few words of Irish, and they will be happy to speak Irish with you! You can buy delicious, healthy, local food all while starting a conversation in Irish!