top of page

Oifig Úr Líonra Leitir Ceanainn Oscailte go hOifigiúil

Seoladh feachtas náisiúnta Gaelphobal ag an ócáid chomh maith (Gaelphobal.ie)

Osclaíodh oifig úr Líonra Leitir Ceanainn, ag 7 Sráid an Chaisleáin F92YP93, go hoifigiúil Dé Luain 20 Meitheamh agus Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, mar aoi speisialta ar an lá. Tá spás sóisialta ar fáil thíos staighre do ranganna, ceardlanna agus deiseanna neamhfhoirmiúla do dhaoine teacht le chéile. Tá leabharlann ann fosta agus leabhair, cluichí agus acmhainní eile ar fáil ar iasacht.

Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge Gaelphobal a sheoladh, feachtas uile-oileáin leis na pobail atá i mbun pleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh www.gaelphobal.ie mar thobar lárnach eolais a chuirfidh acmhainní agus tacaíocht ar fáil do phobail ag gach staid den aistear pleanála teanga.

Tá fás agus forbairt tagtha ar an Ghaeilge i gceantar Leitir Ceanainn agus Oifigeach Forbartha Gaeilge, Pádraig Mac Congáil, nuacheaptha ag Líonra LC . Tá an ról seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus beidh Pádraig ag obair leis an Chomhordaitheoir Pleanála Teanga agus leis an choiste chun bearta an phlean teanga a chur chun cinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@lionralc.ie.


Tá Líonra Leitir Ceanainn roghnaithe mar cheantar as seacht nGaelphobal fud fad na tíre le bheith páirteach san fheachtas feasachta. Mar chuid de beidh go leor den phobal áitiúil le feiceáil i bhfíseán nua faoin Ghaelphobal sa cheantar agus an obair atá idir lámha ag Bairbre Uí Chathail, Pádraig Mac Congáil agus Líonra Leitir Ceanainn.

Beidh Caoimhe Ní Chathail agus Micheál Ó Ciaraidh le cluinstin fosta ar fhógra raidió ar Highland Radio.


Tá infheictheacht na Gaeilge i gcroílár phlean teanga Leitir Ceanainn agus, dá bhrí sin, tá ról suntasach ag gnólachtaí, eagraíochtaí agus seirbhísí pobail an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá aitheantas ar Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus lúcháir orainn mar Líonra Leitir Ceanainn scéim úr de chuid Ghlór na nGael a chur chun cinn.

Tá a fhios againn ó thaighde a rinneadh le déanaí go bhfuil luach trádála ag baint le húsáid na Gaeilge san earnáil gnó. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó nó atá ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Tá sé seo ríthábhachtach ní hamháin do phobal Leitir Ceanainn ach do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn i mbun a gcuid gnó agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh sa bhaile mhór.


Tá maoiniú ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus eagraíochtaí comharthaíocht, obair mhargaíochta agus eile a chruthú go dátheangach ó Scéim Tacaíochta Gnó de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Chomhordaitheoir Pleanála Teanga eolas@lionralc.ie 086 0751663.


Ghlac níos mó ná seachtó duine páirt i ranganna Gaeilge ó thús na bliana - ó ghlantosaitheoirí go daoine atá líofa.


Bíonn Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar siúl san oifig maidin Dé Máirt ar 10, Braon Beag Gaeilge do ghrúpa tosaitheoirí maidin Dé Céadaoin agus Líonra na Leanaí – grúpa atá páirtmhaoinithe ag Glór na nGael – ar siúl maidin Déardaoin ar 10.30. Cuireadh tús le Club Óige sa Ghaelscoil le déanaí i gcomhpháirtíocht le hÓgras.

Tá comhoibriú tairbheach suntasach ar siúl i gcomhpháirtíocht leis na hOifigigh Pleanála Teanga eile sa chontae agus le heagraíochtaí eile macasamhail Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle Contae, Seirbhís Óige Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall. Bíonn Preab-Ghaeltacht ar siúl ar an chéad Déardaoin d’achan mhí agus cúpla thuras beartaithe don samhradh. Rinne an eagraíocht taighde in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus tá plean ag Líonra LC i gcomhpháirtíocht leis an choláiste cur leis an Ghaeilge agus leis na deiseanna agus na féidearthachtaí atá á soláthar do phobal na hOllscoile anseo i Leitir Ceanainn.


Is é an phríomhsprioc ná deiseanna éagsúla a sholáthar do phobal na Gaeilge i gceantar Leitir Ceanainn agus do dhaoine ar suim leo Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú. Níl plean gan phobal agus tá sé soiléir go bhfuil pobal bríomhar thart fá cheantar Leitir Ceanainn.

Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, “Tá borradh faoin Ghaeilge thart fá Leitir Ceanainn, níl dabht ar bith fá dtaobh de! Cuireann sé gliondar ar mo chroí an t-éileamh atá ar ranganna agus ar imeachtaí a fheiceáil, dea-thoil na ngnólachtaí i leith na Gaeilge a aithint agus teanga ár n-oidhreachta a chloisteáil ó phobal an bhaile agus muintir na Gaeltachta, óg agus aosta, ar shráideanna an bhaile seo.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers TD:

“Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”.”


Pictiúir le: Clive Wasson


New Líonra Leitir Ceanainn Offices officially opened


National Gaelphobal campaign launched at the event


On Monday June 20th, the new Líonra Leitir Ceanainn Office at 7 Castle Street F92YP93, Letterkenny, was officially opened, with Regina Uí Chollatáin, Chairperson of Foras na Gaeilge, as special guest on the day. There is a social space downstairs for Irish language classes and informal opportunities for people to come together. There is also a library, with books, games and other resources available to borrow.


Foras na Gaeilge has facilitated the investment of over €4.1 million to date in the language planning process in eight areas that have recently received official recognition for the developments in their Irish language communities. These communities across the country have received this recognition and have been provided state support and funding in order to draft and implement language plans to further enhance the use of the Irish language in their area.


Foras na Gaeilge is delighted to launch Gaelphobal, an all-island campaign with communities that are engaged in language planning outside of the Gaeltacht. The website www.gaelphobal.ie will act as a central point of information for resources and support for communities at every stage of the language planning journey.

The Irish language has grown and developed in the Letterkenny area with an Irish Language Development Officer, Pádraig Mac Congáil, recently being appointed by Líonra LC. This role is funded by Foras na Gaeilge under the Irish Language Network Development Scheme and Pádraig will be working with the Language Planning Co-ordinator and with the language planning committee to implement the measures in the language plan. More information is available from eolas@lionralc.ie.


Leitir Ceanainn has been chosen as one of the seven Gaelphobal around the country to participate in the awareness raising campaign. As part of this, much of the local community and the work that is being done by Bairbre Uí Chathail, Pádraig Mac Congáil and Líonra Leitir Ceanainn will be seen in a new video about Gaelphobal in the area.


Caoimhe Ní Chathail and Micheál Ó Ciaraidh will also be heard on a radio advert on Highland Radio.

The visibility of the Irish language is at the centre of the Letterkenny Irish language plan and because of this there is a significant role for businesses, organisations and public services to promote the Irish language. Letterkenny is recognised as a Gaeltacht service town and Líonra Leitir Ceanainn is delighted to promote a new scheme being run by Glór na nGael.


We know from research recently completed that there is a commercial value to using the Irish language in the business sector. GRADAIM is a recognition scheme for businesses that use the Irish language as part of their work or who provide services through Irish for their customers. This is vitally important, not only for the community in Letterkenny, but also for the Gaeltacht community that do their business and shopping in the town.


Funding is available for businesses and organisations to create bilingual signage, marketing material and more through the Business Support Scheme run by Foras na Gaeilge. More information is available from the Language Planning Co-ordinator: eolas@lionralc.ie 086 0751663

More than seventy people have taken part in Irish language classes from the beginning of the year - from absolute beginners to fluent speakers.


A weekly conversation circle takes place in the office on Tuesday mornings at 10, Braon Beag Gaeilge for a beginners group on Wednesday mornings and Líonra na Leanaí, a group part-funded by Glór na nGael, taking place on Thursday mornings at 10.30. A youth club has also recently been founded along with Ógras in the Gaelscoil.


Significant and fruitful co-operation is also taking place with the other Irish Language Planning Officers in the county and with other organisations such as the Irish Language Department in the County Council, Donegal Youth Service and Donegal Sports Partnership. A Pop-Up Gaeltacht takes place on the first Thursday of every month and there are also a couple of trips planned for the summer. The organisation has done research in the Atlantic Technological University and Líonra LC has a plan in partnership with the institution to increase the opportunities and possibilities for the Irish language community on campus here in Letterkenny.

The main aim is to provide opportunities for the Irish language community and for those who are interested in learning or improving their Irish in Letterkenny. There can be no plan without a community and it is clear that there is a strong and lively community here in Letterkenny.


Bairbre Uí Chathail, Language Planning Co-ordinator, said, “There has been a resurgence in the Irish language in Letterkenny, there’s no doubt about it! It gives me so much joy to see the demand that there is for classes and events, to recognise the goodwill of businesses towards the Irish language and to hear our native language being spoken by people from the town and from Gaeltacht areas on the streets of this town.”


Minister of State Jack Chambers TD said:

“As Minister with responsibility for the implementation of the Gaeltacht Act 2012 I am pleased to see the significant progress that has been made in the language planning process throughout the country as a whole. In the communities I visit in towns and villages all over Ireland, I am always so impressed by the enthusiasm, commitment and dedication of local people who are so passionate about strengthening and promoting the Irish language. I congratulate Foras na Gaeilge on this new campaign and website which will be an excellent resource for the current language planning organisations and for those in the future. I am also delighted this initiative focusses on making it easier for the public to find out about the Irish language in their own areas. This is essential for getting more people to embrace the language and to ensure its growth into the future.”


Pictures : Clive Wasson

bottom of page