top of page

RANGANNA GAEILGE – Tapaigh an deis Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt!


Is féidir a rá go bhfuil níos mo éilimh ar an Ghaeilge sa lá atá inniu ann, go háirithe ó fhoghlaimeoirí. Taobh amuigh den seomra ranga, tá breis agus 2.3 mhiliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar an aip Duolingo ar fud an domhain. Ar a bharr sin, tá an Ghaeilge le feiceáil ar na meáin shóisialta, tóg mar shampla na ‘tionchairí’ atá ar instagram Múinteoir Meg, Póilín Nic Géidigh, The Gaeilge Gal nó Caoimhe Ní Chathail. Fiú TG4 agus a 10.1 míle leantóir ar a leathanach Instagram Bloc TG4 atá dírithe ar dhaoine óga.



Ó chlé go deas - Caoimhe Ní Chathaill, The Gaeilge Gal, Múinteoir Meg, Bloc TG4 & Póilín Nic Géidigh (Instagram, 2021/22)


Go háitiúil i Leitir Ceanainn i nDún na nGall tá éileamh mór ar ranganna Gaeilge agus ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Faoi láthair, tá ranganna ar siúl agus ag tosú an tseachtain seo agus i rith mhí Feabhra ag leibhéil éagsúla. Tá rang amháin dírithe ar dhaoine a bhog go hÉirinn agus ar mhaith leo giota beag Gaeilge a bheith acu, mar shampla, conas ainmneacha agus logainmneacha a rá agus frásaí simplí fosta. Tá trí leibhéal eile ar fáil fosta. Céimeanna comhrá 1, 2 agus 3. Tá na ranganna seo dírithe ar dhaoine éagsúla, ó thosaitheoirí go daoine a bhfuil Gaeilge measartha acu, mar shampla, d’fhoghlaim siad an Ghaeilge nuair a bhí siad ar scoil, agus anois tá siad ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.


Fiú mura bhfuil tú ag iarraidh freastal ar ranganna, bígí linn ag ár gciorcal comhrá, Caife & Comhrá! Bímid sa chaife The Eatery ag Amharclann an Ghrianáin ar 10 ar maidin. Bíonn craic, caife, comhluadar agus comhrá againn!



Caife & Comhrá in Amharclann an Ghrianáin


Tig linn a rá duit na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, ach in ionad sin glac focal na ndaoine atá i mbun staidéar na Gaeilge faoi láthair.


Deir na mic léinn gur teanga álainn í an Ghaeilge. Tá na focail agus na frásaí iontach tuairisciúil. Tóg mar shampla, ‘fíor na spéire’ a chiallaíonn ‘horizon’ i mBéarla ach sa bhrí litriúil ciallaíonn sé ‘the truth of the sky’. Nach álainn é sin?


Tá mic léinn eile iontach sásta go bhfaigheann siad deiseanna dul chun na Gaeltachta! Nuair atá tú ag foghlaim na Gaeilge, tá cúis mhaith agat dul ar saoire chun na Gaeltachta go rialta! Nach bhfuil fáth de dhíth orainn uilig chun cuairt a thabhairt ar na háiteanna áille seo? Mar shampla Conamara, Gaoth Dobhair agus Corca Dhuibhne.


Maíonn daoine eile go méadaítear tuiscint s’acu ar an nasc idir an teanga agus an tír timpeall orthu nuair a bhíonn an Ghaeilge a staideár acu. Tá ár dtír seo báite leis an Ghaeilge ó na logainmneacha agus a mbríonna go dtí ár n-ainmneacha pearsanta. Tugann an Ghaeilge tuiscint níos doimhne dúinn ar na rudaí seo agus tá muid níos cóngaraí dár mbaile.


Mothaíonn roinnt mic léinn gur mór an phribhléid daoibh an Ghaeilge a fhoghlaim. “ ‘sí mo theanga í” mar a deirtear! Ní raibh cead ag go leor dár sinsir blianta ó shin í a fhoghlaim agus a úsáid, agus níl an deis ag gach duine ar an oileáin seo chun an Ghaeilge a fhoghlaim.


An tArragal i nGaoth Dobhair ó gaothdobhair.ie


Má tá tú spreagtha chun an Ghaeilge a fhoghlaim anois, tá deiseanna ar fáil againn duitse!


CIORCAL COMHRÁ - sa chaife ag Amharclann an Ghrianáin ar 10 maidin Dé Máirt gach seachtain. Bíonn craic, caife, comhluadar agus comhrá againn!


GAEILGE BHUNÚSACH - Má bhog tú go hÉirinn agus m’as maith leat giota beag Gaeilge a bheith agat seo an rang duitse. Maidin dé Céadaoin 10.00-11.30 san Ionad Tréadaí, Leitir Ceanainn. Ag tosú 9 Feabhra ar feadh 8 seachtaine. SAOR IN AISCE


BUNTÚS CAINTE – rang do thosaitheoirí i Burrito Loco maidin Dé Céadaoin 10:30 -11:30


TOSAITHEOIRÍ – Céimeanna Comhrá 1, Tráthnóna Déardaoin 7.30-9.00 sa Chlubtheach Ghaeil Leitir Ceanainn ag tosú 10 Feabhra ar feadh 8 seachtaine


LEIBHÉAL 2 - Céimeanna Comhrá 2 Tráthnóna Dé Céadaoin 7.30-9.00 ar feadh 10 seachtaine ag tosú 16 Feabhra ar Zúm


LEIBHÉAL 3 - Céimeanna Comhrá 3 Tráthnóna Dé Luain 7.30-9.00 ar feadh 10 seachtaine ag tosú 21 Feabhra ar Zúm


Cláraigh anois ag úsáid na nasc!


Níos mó eolais 086 075 1663 nó eolas@lionralc.ie




 

IRISH CLASSES – Seize the opportunity to learn and speak Irish!


It can be said that there is a greater demand for Irish nowadays, especially from learners. Outside of the classroom, there are 2.3 million people learning Irish on the app Duolingo throughout the world. As well as that, Irish can be seen on social media, for example the influencers that are on Instagram – Múinteoir Meg, Póilín Nic Géidigh, The Gaeilge Gal or Caoimhe Ní Chathai;. Even TG4 with their 10.4 thousand followers on their Instagram page Bloc TG4 which is directed at young people.



From left to right - Póilín Nic Géidigh, The Gaeilge Gal, Múinteoir Meg, Bloc TG4 & Caoimhe Ní Chathaill (Instagram, 2021/22)


Locally in Letterkenny, Donegal, there is a great demand for Irish classes and services to be available through Irish. At the minute, there are classes going on and starting this week, throughout February at different levels. There is one class aimed at people who have moved to Ireland and would like to have a bit of Irish, for example, how to say names and place names as well as simple phrases too. There are also three other levels available -Céimeanna Comhrá 1, 2 and 3. These classes are aimed at various groups, from beginners to people who have some Irish, for example they learned Irish at school and now they want to improve their skills.


Even if you don’t fancy attending a class, join us at our conversation circle, Caife & Comhrá. We are in the café, The Eatery, at An Ghrianán Theatre at 10 on Tuesday mornings. We have a bit of craic, company and great conversation!


Conversation Circle 'Caife & Comhrá' in The Eatery Café in An Grianán Theatre


We can tell you the advantages with learning Irish, but take the word of the people who are learning currently learning Irish instead.


The students say that Irish is a beautiful language. The words and phrases are very descriptive. Take for example, ‘fíor na spéire’ which means ‘horizon’ in English, but literally, it translates as ‘the truth of the sky’. Isn’t that just beautiful?


Other students are very happy that they get the opportunity to go to the Gaeltacht! When you are learning Irish, you have a great excuse to go on holidays to the Gaeltacht regularly! Don’t we all need an excuse to visit these beautiful places? For example, Conamara, Gaoth Dobhair and Corca Dhuibhne.


People also claim that their understanding of the link between the language and the country around them increases when they study Irish. Our country is drowning in Irish from the place names and their meanings to our personal names. Irish gives us a deeper understanding of these things and we are closer to our home.


Some students say that they feel that it is a great privilege to learn Irish. “ ‘It’s my language” as it’s said! Our ancestors weren’t allowed to learn and use Irish years ago and not everyone on this island gets the chance to learn Irish.


Mount Errigal in Gaoth Dobhair from gaothdobhair.ie


If you’re now feeling encouraged to learn more Irish now, we have great opportunities available for you!


CONVERSATION CIRCLE – in The Eatery café ag An Grianán Theatre at 10 on Tuesday mornings every week for some craic, coffee, company and a chat!


BASIC IRISH – If you moved to Ireland and you would like to have a bit of Irish this is the class for you. Wednesdays mornings 10.00-11.300 in the Pastoral Centre, Letterkenny. Started 9 February, for 8 weeks. FREE!

RUDIMENTARY IRISH – a class for beginners in Burrito Loco, Wednesday mornings 10.30 – 11.30


LEVEL 1 – Céimeanna Comhrá 1 for beginners, Thursday evenings 7.30-9.00pm in Letterkenny Gaels clubhouse, started 10th February for 8 weeks


LEVEL 2 - Céimeanna Comhrá 2 Wednesdays evenings 7.30-9.00 starting 16th February for 10 weeks on Zoom


LEVEL 3 - Céimeanna Comhrá 3 Monday evenings 7.30-9.00 for 10 weeks, starting 21st February on zoom


Register now using the links!

For more information contact 086 075 1663 or eolas@lionralc.ie



bottom of page