
Tá folúntas ag Líonra Leitir Ceanainn. An duine bríomhar, cruthaitheach thú? An bhfuil fís agus fuinneamh, samhlaíocht agus cumas agat chun pobal labhartha na Gaeilge a chothú agus a neartú mar aon le bearta an plean teanga a chur chun cinn?

Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an phost seo. Beidh an té a cheapfar ag tabhairt faoi;
Obair i gcomhpháirtíocht leis an Chomhordaitheoir Pleanála Teanga chun bearta an phlean teanga do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chur i bhfeidhm
Obair go dlúth leis an phobal áitiúil chun pobal labhartha na Gaeilge – ar gach aon aois – a fhorbairt, a chothú, a chumasú agus a neartú
Soláthar seirbhísí, comhairle agus cúnamh don phobal, do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí ar suim leo an Ghaeilge a chur chun cinn
Is féidir an plean teanga a léamh anseo
Príomhchúraim
I measc na gcúram a bheifear ag súil go dtabharfaidh Oifigeach Forbartha fúthu tá:
Deiseanna breise a sholáthar do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt – ciorcail comhrá, ceardlanna, imeachtaí sóisialta srl
Tacaíochtaí a sholáthar do theaghlaigh tuilleadh Gaeilge a labhairt trí ghréasán a thógáil agus imeachtaí idir thum eispéiris agus dátheangach a chur ar fáil dóibh
Deiseanna a sholáthar do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt agus a fhorbairt taobh amuigh den chóras oideachais
Éagsúlacht pobal na Gaeilge a mhéadú
Comhpháirtíochtaí a fhás agus a fhorbairt sa phobal áitiúil agus le grúpaí eile i gceantar an Iarthuaiscirt – sna limistéir phleanála teanga ach go háirithe
Fís an phlean teanga a shoiléiriú ar na meáin shóisialta agus ar na meáin chumarsáide áitiúla ar bhonn rialta
Aon chúram eile a cheapfaidh Bord Stiúrtha Líonra Leitir Ceanainn a bheidh oiriúnach ó am go ham
Caithfidh tú a bheith ábalta taispeáint dúinn go bhfuil na nithe seo leanas agat
Ardleibhéal Gaeilge scríofa agus labhartha agus scileanna maithe cumarsáide
Taithí i bhforbairt pobail, go háirithe in earnáil na Gaeilge
Cumas smaointe a chruthú agus a thabhairt chun críche
Bheith in ann obair go héifeachtach laistigh d’fhoireann
Bheith in ann caidreamh a thógáil le daoine agus le grúpaí, agus iad a spreagadh
Ceadúnas iomlán/glan tiomána agus teacht ar mhodh iompair
Cumas bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú
Fianaise a léiriú go bhfuil tú muiníneach, féinspreagtha agus dírithe ar spriocanna
Bheadh na nithe seo leanas ina chuidiú duit fosta
Cáilíocht, taithí nó tuiscint ar an phleanáil teanga
Fianaise nó taithí ar chuid de na nithe seo a leanas:
o déanamh taighde agus suirbhéanna
o plé le cúrsaí cumarsáide agus margaíochta
o cruthú ábhar digiteach agus áiseanna ar líne
o eagrú agus bainistiú imeachtaí
Fianaise a léiriú ar obair forbartha pobail ina raibh tú rannpháirteach
Fianaise a léiriú go bhfuil cumas agat bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú