top of page

Tóraíocht Taisce chun dearbhán €100 a bhuachan


Tapaigh an deis tóraíocht taisce a dhéanamh agus thiocfadh leat a bheith san iomaíocht chun duais €100 a bhaint. Le linn na féile An Focal Beo beidh 16 póstaer ar taispeáint i bhfuinneoga siopaí éagsúla ar fud an bhaile - an t-ionad siopadóireachta, ar an phríomhshráid agus eile 2 - 13 Bealtaine. Beidh línte filíochta ó Sam Ó Fearraigh, Máire Dinny Wren, Eithne Ní Ghallchobhair nó Dubhán Ó Longáin orthu agus iad curtha i gcló ar bhoird ar mhéid A2 (59.4 x 42 cm). Agus anois, seo an dúshlán – aimsigh gach aon phóstaer (ná déan dearmad go bhfuil 16 le haimsiú) agus coinnigh taifead ar an líne fhilíochta agus ainm an tsiopa ina bhfuil sé. Cuir ríomhphost isteach chuig pobal@lionralc.ie leis an eolas sin - an líne fhilíochta agus ainm an tsiopa do gach aon phóstaer. Cuirfear sonraí na ndaoine a bhfuil 16 póstaer aimsithe acu isteach i gcrannchur agus beidh duais €100 (dearbhán) le baint ag duine amháin! Coimhéad, ní bhaineann an comórtas seo ach amháin leis na póstaeir ar mhéid A2 i bhfuinneoga na siopaí. Chun cuidiú leat iad a aimsiú coinnigh súil ar mheáin shóisialta Líonra Leitir Ceanainn áit a mbeidh leideanna ar fáil faoi na siopaí ina bhfuil na póstaeir!

Má tá tú ag iarraidh tuilleadh den dán a léamh, beidh cód QR ar gach aon phóstaer agus ní gá ach scanadh a dhéanamh air sin agus tiocfaidh tú go suíomh gréasáin Líonra Leitir Ceanainn áit a bhfuil an dán iomlán ar fáil.

Ádh mór!!


Take the opportunity to do a Treasure Hunt and you could win a voucher for €100! during the festival An Focal Beo there will be 16 posters on display in a variety of shops around the town - in the shopping centre, the main street and elsewhere, from 2 - 13 May. There will be a line of poetry on each one from a Donegal poet, Sam Ó Fearraigh, Máire Dinny Wren, Eithne Ní Ghallchobhair or Dubhán Ó Longáin and they are printed on size A2 boards (59.4 x 42 cm). Now, here's the challenge! Find all 16 boards and write down what the line of poetry is and the name of the shop where you found it. Send us an email to pobal@lionralc.ie with all that information, the line of poetry and the name of the shop for each poster. The details of everybody who finds all 16 posters will be put into a raffle and one person will win a voucher for €100. Remember it is only the A2 size boards in the shop windows that count for this competition. To help you find them, keep an eye on the Líonra Leitir Ceanainn social media where various hints and tips will be posted.

If you want to read more of each poem scan the code on the poster and that will take you to our website where all the poems for each poet are posted.

Good luck!

bottom of page