top of page

Taighde Comhairliúcháin Phoiblí ar bun ag TG4 i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.


Tá TG4 agus Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh ag lorg tuairimí maidir leis an soláthar a dhéantar i nGaeilge ar ábhar Nuachta agus Cúrsaí Reatha. Tá taighde ar bun ag Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh i gcomhar leis an togra taighde Fios Físe le comhairle ón áisíneacht taighde agus margaíochta RED C. Mar chuid den taighde, tá TG4 i mbun dearcadh agus tuairimí phobal na Gaeilge faoin soláthar a dhéantar i nGaeilge ar ábhar Nuachta & Cúrsaí Reatha a mheas. Tá eolas agus tuairimí á lorg faoi na háiteanna a dtapaíonn pobal na Gaeilge an nuacht in aon teanga, na príomhfhoinsí nuachta Gaeilge atá acu, agus tuairimí ar leith an phobail faoi sholáthar Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4. Beidh cur chuige cáilíochtúil (trí ghrúpaí fócais) agus cainníochtúil (Fios Físe) i gceist leis an taighde. Cuirfear fáilte freisin roimh thuairimí an phobail féachana. Is féidir tuairimí a roinnt trí shuirbhé gearr a líonadh anseo: www.acadamh.ie/tg4 Is tuairim is 15 nóiméad a ghlacfaidh sé an suirbhé a líonadh. Deir Aodh Ó Coileáin OÉG, “Fearacht go leor pobail oileánda ar fud na cruinne, cuireann an tÉireannach spéis ar leith in imeachtaí an domhain mhóir, i gcúrsaí reatha agus i scéalta nuachta i gcoitinne. Ar an aimsir seo, bíonn deis níos mó ná riamh ag an bpobal dul i ngleic leis an saol mórthimpeall orthu tríd an gcraolachán agus trí mheáin leictreonacha ghaolmhara. Ar ndóigh bíonn an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha i gceartlár an phróisis seo. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sásta a bheith páirteach sa taighde tráthúil seo faoin Iriseoireacht Ghaeilge agus dearcadh phobal na Gaeilge ina leith.” Deir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Cuirfear eolas luachmhar ar fáil leis an suirbhé seo maidir le dearcadh an lucht féachana Gaeilge ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha i nGaeilge. Beidh sé mar fhoinse treorach ag lucht bainistíochta TG4 nuair a bheidh tosaíochtaí á leagan amach don chainéal don tréimhse atá romhainn, i gcomhthéacs méadú ar scála agus acmhainní do TG4 agus do chraoltóireacht na Gaeilge.” Cuirfear tuairisc faoin taighde ar fáil do TG4 agus d’Údarás Craolacháin na hÉireann a bheidh ar fáil ar shuíomh TG4. CRÍOCH Teagmháil do na Meáin Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | Deirdre.ni.choistin@tg4.ie | +861453527


TG4 are working with University College Galway on research to establish where Irish speakers are sourcing information on news and current affairs. They welcome input from the public and you can complete a survey here http://www.acadamh.ie/tg4 which will take about 15 minutes.

FreagraCuir ar aghaidh

bottom of page