An cainteoir láidir nó meánleibhéal Gaeilge thú, le fonn a bheith sáite i saibhreas teanga is cultúrtha na hÉireann ar feadh deireadh seachtaine bríomhar? Seo í an ócáid fhoirfe duitse!
Tá an Tumchónaí LánGhaeilge ar leac an dorais arís, agus is cinnte go bhfuil na hullmhúcháin faoi lán seoil i nGaoth Dobhair. Lonnaithe ar chósta álainn an iarthair i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill, cuirfear tús leis an cheiliúradh Dé hAoine, 7ú Deireadh Fómhair, i dTeach Jack ar an Ghlaisigh agus mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 9ú Deireadh Fómhair. Beidh dhá oíche lóistín i gceist le bricfeasta, bia breá blasta, agus fiú béile trí chúrsa curtha ar fáil oíche Dé Sathairn. Chomh maith leis sin, ní thig linn dearmad a dhéanamh ar an tsiamsaíocht a bheas mar chuid lárnach den ócáid. Le seisiúin cheoil, rincí céilí, gníomhaíochtaí faoin aer, cainteanna suimiúla, agus achan rud idir eatarthu, níl aon dabht ach go mbeidh comhluadar agus craic den chéad scoth ann!

Is deis speisialta í seo teacht le chéile mar phobal Gaeilge, bualadh le daoine na háite agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí ó chian is ó chóngar. Agus ar ndóigh, beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh don Tumchónaí ar fad! Tá costas €135 le haghaidh seomra comhroinnte, agus costas €155 le haghaidh seomra singil ar an deireadh seachtaine iomlán. Chun an deis iontach seo a thapú agus do spás a chur in áirithe, nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir nóta chuig Comhairle Contae Dhún na nGall ag sdaimhin@donegalcoco.ie (087 967 0985) nó ag rmcclafferty@donegalcoco.ie (087 222 3468).