top of page

Aonach na Gaeilge


Cad a mheasann tú faoi oideachas trí mheán na Gaeilge ón naíonra go dtí an Ollscoil? Cad faoi dhátheangachas – an buntáiste é? Do bharúil an bhfuil mórán féidearthachtaí fostaíochta ann do lucht labhartha na Gaeilge? Buail isteach chuig Aonach na Gaeilge i gColáiste Ailigh F92 N2HE Dé Sathairn 11 Samhain agus tapaigh an deis labhairt le daoine ó Chonradh na Gaeilge agus iad i mbun cainte faoi dheiseanna tríú leibhéal agus fostaíochta, Gaeloideachas, Ollscoil na Gaillimhe agus eile. Beidh seastáin eolais ann fosta ón Leabharlann, Líonra Leitir Ceanainn, Coláiste Ailigh, Gaelscoil Adhamhnáin, Gairmscoil Chú Uladh, Cara House, ETB, Gaeilge don Teaghlach agus eile. Beidh ceardlanna ann do pháistí – ceol, eolaíocht, ealaín agus códúchán le róbó! Beidh deis agat turas treoraithe a dhéanamh thart fá Choláiste Ailigh, cupán tae a fháil, deis chomhrá a bheith agat le daoine eile, eolas a fháil faoi ranganna, imeachtaí agus saol na Gaeilge thart fá Leitir Ceanainn. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Líonra Leitir Ceanainn eolas@lionralc.ie 086 0751663


What are your thoughts on education – from playschool to University – through Irish? What about bilingualism – is it a benefit? What about employment opportunities for those who have fluency in Irish? Well drop in to the Aonach na Gaeilge Irish Language Fair at Coláiste Ailigh F92 N2HE this Saturday 11 November and take the opportunity to talk to representatives from Conradh na Gaeilge talking about opportunities to study Irish at third level and about employment opportunities, talk to Gaeloideas about bilingualism, to staff from Gaelscoil Adhamhnáin, Coláiste Ailigh and Gairmscoil Chú Uladh. Donegal County Library, Líonra Leitir Ceanainn, Cara House, the ETB, Teanga Tí, An Carn and others will also have information stands. There will be free workshops for children – music, science, art and coding with a robot! You will have the opportunity to do a guided tour of Coláiste Ailigh, get a cuppa, have a chat, get information about classes, events and find out what’s happening with Irish in and around Letterkenny. For more information contact Líonra Leitir Ceanainn eolas@lionralc.ie 086 0751663


bottom of page