top of page

Ar mhaith leat a bheith ag obair linn?

Tá folúntas ag Líonra Leitir Ceanainn. An duine bríomhar, cruthaitheach thú? An bhfuil fís agus fuinneamh, samhlaíocht agus cumas agat chun pobal labhartha na Gaeilge a chothú agus a neartú mar aon le bearta an plean teanga a chur chun cinn?


Seo spléacadh beag duit ar an obair a bhíonn ar siúl againn agus ina mbeifeá ag obair linn dá mbeadh an ról mar Oifigeach Forbartha agat.




Bheifeá ag obair le daoine idir óg agus aosta, le teaghlaigh, scoileanna, gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla mar aon le heagraíochtaí fud fad na tíre atá i mbun oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn.



Fógra poist OFG Feabhra 2024
.pdf
Download PDF • 238KB

Caithfidh tú solúbthacht a bheith agat don ról seo agus tú in ann tionscadail éagsúla a bheith idir lámha agat ag aon am amháin. An bhfuil cruthaitheacht agus samhlaíocht agat? An dtig leat plean a fhorbairt, togra a chur i gcrích, daoine a mhealladh agus a spreagadh, buiséad a bhainistiú agus tuairisc a scríobh fá dtaobh de? An bhfuil na scileanna idirphearsanta agus féinmhuinín agat tú féin a chur i lár an aonaigh?

Is féidir linn a bheith solúbtha fosta. Mura bhfuil tú ag iarraidh a bheith ag obair go lánaimseartha tá muid sásta féidearthachtaí a phlé leat. Seans go mbeadh deis agat a bheith ag obair go páirtaimseartha, an post a roinnt le duine eile nó fiú a bheith ag obair ar bhonn seisiúnach ag tabhairt faoi thionscadail ar leith. Cuireann muid fáilte roimh iarrthóirí ar suim leo na féidearthachtaí seo a phlé linn ach iad chun é seo a chur in iúl go soiléir ar an litir iarratais gur seo atá beartaithe acu.



Próifíl an phoist

Post forbartha atá i gceist leis an phost seo. Beidh an té a cheapfar ag tabhairt faoi;

  • Obair i gcomhpháirtíocht leis an Chomhordaitheoir Pleanála Teanga chun bearta an phlean teanga do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chur i bhfeidhm

  • Obair go dlúth leis an phobal áitiúil chun pobal labhartha na Gaeilge – ar gach aon aois – a fhorbairt, a chothú, a chumasú agus a neartú

  • Soláthar seirbhísí, comhairle agus cúnamh don phobal, do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí ar suim leo an Ghaeilge a chur chun cinn

Is féidir an plean teanga a léamh anseo


Plean Teanga_BSG Leitir Ceanainn 2020
.pdf
Download PDF • 996KB


Príomhchúraim

I measc na gcúram a bheifear ag súil go dtabharfaidh Oifigeach Forbartha fúthu tá:

  • Deiseanna breise a sholáthar do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt – ciorcail comhrá, ceardlanna, imeachtaí sóisialta srl

  • Tacaíochtaí a sholáthar do theaghlaigh tuilleadh Gaeilge a labhairt trí ghréasán a thógáil agus imeachtaí idir thum eispéiris agus dátheangach a chur ar fáil dóibh

  • Deiseanna a sholáthar do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt agus a fhorbairt taobh amuigh den chóras oideachais

  • Éagsúlacht pobal na Gaeilge a mhéadú

  • Comhpháirtíochtaí a fhás agus a fhorbairt sa phobal áitiúil agus le grúpaí eile i gceantar an Iarthuaiscirt – sna limistéir phleanála teanga ach go háirithe

  • Fís an phlean teanga a shoiléiriú ar na meáin shóisialta agus ar na meáin chumarsáide áitiúla ar bhonn rialta

  • Aon chúram eile a cheapfaidh Bord Stiúrtha Líonra Leitir Ceanainn a bheidh oiriúnach ó am go ham

 

Caithfidh tú a bheith ábalta taispeáint dúinn go bhfuil na nithe seo leanas agat

  • Ardleibhéal Gaeilge scríofa agus labhartha agus scileanna maithe cumarsáide

  • Taithí i bhforbairt pobail, go háirithe in earnáil na Gaeilge

  • Cumas smaointe a chruthú agus a thabhairt chun críche

  • Bheith in ann obair go héifeachtach laistigh d’fhoireann

  • Bheith in ann caidreamh a thógáil le daoine agus le grúpaí, agus iad a spreagadh

  • Ceadúnas iomlán/glan tiomána agus teacht ar mhodh iompair

  • Cumas bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú

  • Fianaise a léiriú go bhfuil tú muiníneach, féinspreagtha agus dírithe ar spriocanna

 

Bheadh na nithe seo leanas ina chuidiú duit fosta

  • Cáilíocht, taithí nó tuiscint ar an phleanáil teanga

  • Fianaise nó taithí ar chuid de na nithe seo a leanas:

o déanamh taighde agus suirbhéanna

o plé le cúrsaí cumarsáide agus margaíochta

o cruthú ábhar digiteach agus áiseanna ar líne

o eagrú agus bainistiú imeachtaí

  • Fianaise a léiriú ar obair forbartha pobail ina raibh tú rannpháirteach

  • Fianaise a léiriú go bhfuil cumas agat bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú

Seol iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí ríomhphost chuig lionralc@gmail.com

Spriocdháta le haghaidh iarratais ná 12:00 An Aoine 8 Márta agus beidh na hagallaimh ar siúl i Leitir Ceanainn le linn na seachtaine ag tosú 19 Márta.

Tá an post seo a mhaoiniú ag Foras na Gaeilge 

bottom of page