top of page

Duais buaite ag Alís chun freastal ar Thumchónaí Gaeltachta saor in aisce!

Alís has won a free Gaeltacht weekend!

Tá Tumchónaí Gaeltachta á eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn, deireadh seachtaine i dTeach Jack ar an Ghlasaigh 20 - 22 Deireadh Fómhair. Rinne muid cinneadh áit saor in aisce a bhronnadh mar dhuais ar dhuine amháin ach iad a bheith cláraithe agus éarlais íoctha acu roimh 10 Meitheamh. Bhí 26 istigh sa chrannchur a rinneadh ar an chlár Barrscéalta ar RnaG maidin Dé Luain 12 Meitheamh agus ba í Alís a tháinig amach as an hata!

Tá na seomraí uilig i dTeach Jack líonta againn anois ach tá muid ag súil le tuilleadh lóistín sa cheantar a aimsiú lena bheith ábalta deis a thabhairt do dhaoine breise tabhairt faoin eispéireas lán-Ghaeilge seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar 086 0751663 nó eolas@lionralc.ie lena bheith curtha san áireamh ar liosta feithimh.


Seo Alís chun giota beag fá dtaobh dí féin a insint dúinn.


Is mise Alís Ní hAnnaidh. Is as Doire Treasc mé ach anois tá mé i mo chónaí in Ard Bó, Contae Thír Eoghain Is maith liom a bheith ag siúl agus ag déanamh ióga . Is breá liom a bheith ag éisteacht le ceol agus canaim i gcór an phobail . Tá mo chroí istigh sa cheol traidisiúnta .Téim chuig fleánna agus seisiúin amhránaíochta ar fud na tíre i rith na bliana

Bhí suim agam i gcónaí sa Ghaeilge nuair a bhí mé ar an scoil ghramadaí ach shíl mé gur ba dheacair dom í a fhoghlaim. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht i Loch an Iúir, Contae Dhún na nGall agus chuir sé sin feabhas agus forbairt ar mo chuid Gaeilge.

Nuair d’fhág mé an scoil, rinneadh altra dom agus lean mé orm ag foghlaim agus ag labhairt na Gaeilge go fóill agus chuaigh mé go dtí ranganna san ionad pobal áitiúil.

Cúpla bhliain ó shín rinne mé Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh. Nuair a d’éirigh mé as a bheith i m’altra, fuair mé post i nGaelscoil na Speiríní agus anois is cúntóir ranga mé.

Chuaigh mé chuig Gleann Cholm Cille cúpla uair anuraidh chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh agus i rith an tsamhraidh beidh mé ag dul chuig cúrsaí Gaeilge i nGlór na Speiríní agus Gleann Cholm Cille .

Tá súil agam a bheith líofa lá amháin!!


Gabhann Líonra Leitir Ceanainn buíochas le Foras na Gaeilge as an mhaoiniú bhliantúil a sholáthraítear dúinn lena bheith in ann a leithéid d'imeacht a reáchtáil.

bottom of page