top of page

Filíocht ó Mháire Dinny Wren

Updated: May 2, 2023

Cuireadh an tionscadal filíochta seo le chéile mar chuid den fhéile úr nua, An Focal Beo ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Bain sult as an saothar seo ó Mháire Dinny Wren agus amharc ar an suíomh gréasáin áit a bhfuil saothar filí eile ar fáil.

Tuilleadh eolais faoin fheile thíos faoi nó déan teagmháil linn ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie


This poetry project was drawn together as part of the new festival An Focal Beo, in which Irish will be celebrated as a rich language utterly rooted in the folklore, poetry, philosophy, songs, heritage, history, mythology, creativity and self-understanding of her people. Enjoy now the poetry of Máire Dinny Wren and check out the website for more poets.

Further information about the festival is available below or contact us on 086 0751663 eolas@lionralc.ie





Faoiseamh


Cois abhainn chiúin na Cláidí,

tháinig mo dheirfiúr i m’araicis,

theann isteach lena croí mé,

faill faoisimh is fortachta dúinn beirt

is cead ár gcinn faighte againn

i ndiaidh an fhuireachais fhada.


Shiúil muid seal faoi scáth na gcrann

is rinne muid ár gcomhrá caoin,

bric bheaga ag léimtí san uisce,

féileacáin ildaite ag foluain fá dtaobh dínn

is ceol binn na n-éan os ár gcionn

ag comóradh mhonabhar na habhann.


Thráigh an teannas ó mo cholainn

ar nós leá chúr na habhann,

mhéadaigh mo mheanmnacht

is shamhail mé m’aigne shuaite

á sruthlú ag na rothshruthanna

i gcuilithe chaisiúil na habhann.


Chrom craobhacha na gcrann chugainn

lena mbáíocht ghaoil a chur in iúl

is muid i dtiúin leis an dúlra,

tráth luaineach idir cith is dealán,

ag coinneáil coiscéim le chéile,

is ag súil leis na laetha geala romhainn.



© Máire Dinny Wren




An Fidléir

do John Saighmidh Ó Dochartaigh


D’fhidil i dtólamh faoi d’ascaill leat

is tú ag fánaíocht ar na bóithre,

ba leor duit sráideog theolaí

is dídean na hoíche ag deireadh aistir.


Nuair a theann tú bogha na fidle,

dhúisigh tú draíocht dhiamhair

a chuir rámhailleacha ar éanacha na spéire

a thuirling le ceiliúr is cumann leat.


Maireann lorg do cheoil ar chosáin siúil,

ó thránna bána go dtí na Cruacha Gorma;

macalla as gach cnoc is gleann

is caoinche cheoil i gceo na maidne.


Samhlaím tú ag triall mar is dual duit,

le meanmnacht is le mórtas cine,

sruth an cheoil ina rabharta as do bhogha

is éanacha na spéire ’do chomóradh.


© Máire Dinny Wren





Mo Bhealach Féin


Siúlaim as an smionagar, céim ar chéim,

leanaim rian réalta Bhealach na Bó Finne siar.

manrán an tsrutháin is drandán na mbeach meala

is ceiliúr na céirsí ’mo chomóradh sa tslí.


Déanaim mo bhealach fríd chríocha aineolacha

as scáth an tsléibhe go ciumhais na trá.

M’intinn chomh suaite le muirn na dtonn,

faighim faoiseamh i bhfaoil-cheol na mara tráth.


Glór nach n-aithním le loinneog cheolmhar

ag baint macalla as na beanna is ag ardú mo chroí.

Teannann téada mo ghutha le focail mo mheanman

is le bé na héigse ’mo threorú téim mo bhealach féin.


© Máire Dinny Wren



(Dearadh na n-íomhánna DÚ designs)






bottom of page