top of page

“Is láidre muid mar phobal nuair a eagraíonn muid ar aon ghuth amháin”



Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga seolta ag Oireachtas na Samhna. Fóram úr atá ‘neamhspleách ar an stát’ curtha ar bun ag coistí agus ag pleanálaithe teanga ón Ghaeltacht, ó na Bailte Seirbhísí Gaeltachta agus ó na Líonraí Gaeilge


Tá Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga (MNPT) nua curtha ar bun ag coistí agus ag pleanálaithe teanga ó na ceantair Ghaeltachta, ó na bailte seirbhíse Gaeltachta agus ó na Líontaí Gaeilge. Rinneadh seoladh oifigiúil ar an Mheitheal úr in Óstán Brehon ag Oireachtas na Samhna inniu, Aoine 3 Samhain 2023, áit a raibh seomra lán go doras ag éisteacht le hóráidí an lae inniu.


Cuireadh tús leis an seoladh le físeán a léirigh idir na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an obair seo ar son na Gaeilge.




Bhí Dara Ó Cinnéide mar aoichainteoir ag an seoladh agus rinne Caoimhe Ní Chathail bean an tí ar an ócáid. Labhair Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, Fís an Phobail, Iarthar Bhéal Feirste, Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchas an Daingin agus Adhna Ní Bhraonáin, Fisiteiripeoir agus bean óg Ghaeltachta as Cois Fharraige, Conamara, mar chuid den seoladh.


Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, agus duine d’urlabhraithe na Meithle úire Pleanála Teanga:


“Tá lúcháir orainn an mheitheal seo a sheoladh inniu. Don chéad uair ariamh, tá na pobail seo tar éis teacht le chéile agus greasán ionadaíoch, náisiúnta a bhunú atá tiomónta chun todhchaí níos gile a chinntiú dár dteanga. Is mór iad na dúshláin atá romhainn mar phobal labhartha ach léirigh muid mar phobal, arís agus arís eile, go bhfuil muid ábalta an domhan thart orainn a athrú agus ról dearfach, ríthábhachtach a imirt i dtaobh cosaint agus forbairt na Gaeilge, caomhnú agus athghiniúint ár bpobail.”





Agus ag caint leis ag an seoladh inniu, dúirt Dara Ó Cinnéide:


“Tá ana thaithí, eolas agus tuiscint ages na coistí agus ages na pleanálaithe teanga ar an méid atá ag tarlú ar an dtalamh agus sinn ag treabhadh linn iner bpobail féin. Tugann an Mheitheal seo deis dúinne teacht le chéile leis an dtaithí agus saineolais sin a roinnt lena chéile. Tá deis againne tionchar láidir dearfach a imirt ar thodhcaí na Gaelainne agus sinn ag obair i dteannta a chéile leis an sprioc céanna a bhaint amach agus an Ghaelainn a chinnitú mar theanga phobail dos na glúnta amach romhainn. Le chéile is fearr sinn.”








Bígí í dteagmháil linn ar líne:

X: @meithealnpt

Instagram: @meithealnpt

Facebook: Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

bottom of page