top of page

Léiríonn suirbhé spéis láidir atá ag ábhair oidí a bheith ag múineadh trí Ghaeilge nó go dátheangach



Bhí Bee McCormick, mac léinn an dara bliain ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), ó Chill Fhionntain i mBaile Átha Cliath, agus Cuan Ó Bróithe, mac léinn na chéad bhliana ar an gcéim chéanna, as Leitir Ceanainn i nDún na nGall, mar chuid d’fheachtas cumarsáide de chuid Institiúid Oideachais Marino (IOM) i mBaile Átha Cliath. Tugann an feachtas dar teideal ‘Seo MIE’, léargas ar shaol na mac léinn in IOM, lena n-áirítear cumainn agus clubanna na mac léinn atá dírithe ar spóirt, ar cheol traidisiúnta, ar dhrámaíocht agus ceoldrámaí, agus a thaispeánann na cúrsaí éagsúla atá san Institiúid. Tá Bee, atá mar bhall den Chumann Gaelach in IOM, agus Cuan, a bhfuil an-phaisean aige don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach, mar chuid de chohórt de mhic léinn a roghnaíodh le bheith páirteach san fheachtas.



Rinneadh suirbhé ar na Mic Léinn mar chuid den fheachtas ‘Seo MIE’. Thug ábhair oidí faoi shuirbhé ar líne d’IOM lena roghanna scoile a léiriú agus an chéim bainte amach acu. D’fhreagair breis agus 100 mac léinn an suirbhé agus is é seo a leanas príomh-thorthaí an tsuirbhé:

• Ba mhaith le tromlach na mac léinn (59%) a bheith ag múineadh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, le 44% de mhic léinn a léirigh go dteastaíonn uathu múineadh i mbaile nó in áit iargúlta. Ar an lámh eile, dúirt 39% gur mhaith leo múineadh i mBaile Átha Cliath.

• An príomh-inspreagadh atá ag mic léinn le bheith ina múinteoirí ná difríocht a dhéanamh agus dea-thionchar a bheith acu i saol na ndaltaí. Ina dhiaidh sin, bhí spéis acu obair le páistí.

• Theastaigh ó dhá thrian de na mic léinn a bheith ag múineadh i scoil shainchreidmheach, le 31% a léirigh go dteastaíonn uathu a bheith ag obair i scoil ilchreidmheach.

• Ó na mic léinn a rinne a gcúrsaí trí Bhéarla, ba mhaith le 69% múineadh trí Bhéarla agus le 8% múineadh trí Ghaeilge agus an chéim bainte amach acu. Ba mhaith le 23% díobh múineadh trí Bhéarla agus Gaeilge.

• Ó na mic léinn a rinne a gcúrsa trí Ghaeilge, cúrsa ar leith atá ar fáil in IOM, theastaigh ó 87% múineadh trí Ghaeilge agus an chéim bainte amach acu, agus léirigh 13% spéis a bheith ag múineadh trí Ghaeilge agus Béarla.


Ag plé thorthaí an tsuirbhé, dúirt Uachtarán IOM, an tOllamh Teresa O’Doherty: “In IOM, ullmhaíonn muid mic léinn do gach suíomh agus tugtar na scileanna dóibh a bheidh ag teastáil uathu i ngach cineál comhthéacs teagaisc. Mar Institiúid a chuireann timpeallacht foghlama ionchuimsitheach agus inbhuanaitheach ar fáil agus a chuireann ceartas sóisialta san oideachas chun cinn, is cúis áthais dúinn go léirítear an meon seo inár mic léinn atá spreagtha le difríocht a dhéanamh agus le tionchar dearfach a bheith acu ar shaolta a ndaltaí.” “Cuirtear fáilte roimh úsáid na Gaeilge i measc mac léinn agus i measc fhoireann IOM araon, agus spreagtar go láidir a húsáid in IOM. Is ábhar misnigh é dúinn mar sin an spéis atá ag ár mic léinn múineadh trí Ghaeilge, nó go dátheangach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, agus iad cáilithe. Cuireann muid Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (BOTMG) ar fáil, an t-aon chéim bhunmhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge in Éirinn.”


Luaigh an tOllamh O’Doherty gurb é fócas lárnach an fheachtais ‘Seo MIE’ ná aird a tharraingt ar na háiteanna breise a bheidh ar fáil ar na cúrsaí bunmhúinteoireachta sa bhliain acadúil seo chugainn (ag tosú i mí Mheán Fómhair 2023). “Is cúis áthais dúinn 30 áit sa bhreis a thairiscint ar an gclár BOTMG, mar aon le 30 áit sa bhreis ar an mBaitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) trí Bhéarla, agus 50 áit sa bhreis ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Tuigimid na dúshláin atá roimh ghairm na múinteoireachta, ina measc an ganntanas múinteoirí atá ann, agus táimid tiomanta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo.”


Feictear Bee agus Cuan san fhíseán seo a leanas a chruthaigh IOM mar chuid den fheachtas: https://www.youtube.com/watch?v=vzvtjNAWmHU Faoi IOM Pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea Institiúid Oideachais Marino (IOM).


Tá stair fhada agus bhródúil ag IOM san oideachas, ach go háirithe san oideachas tosaigh múinteoirí (OTM), a théann siar os cionn 100 bliain, atá tiomanta d’ionchuimsitheacht agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Cuireann IOM cláir ar fáil do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh i mbunscoileanna, i suíomhanna luathbhlianta, san oideachas athdheise agus sa bhreisoideachas, nó i réimse leathan de thimpeallachtaí neamhfhoirmiúla. Mar choláiste cleamhnaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá a chláir acadúla deimhnithe, cáilíocht-dhearbhaithe agus creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus oibríonn IOM agus Coláiste na Tríonóide le chéile ar thaighde agus ar chuir chuige i leith teagaisc. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar: www.mie.ie

bottom of page