top of page

Léitheoireacht an tSamhraidh

Is iomaí tábhacht agus buntáiste atá ag baint leis an léitheoireacht; laghdaíonn sé strus, leathnaíonn sé do stór focal, spreagann sé feidhmiú sláintiúil na hinchinne agus tugann sé dea-shampla do pháistí agus daoine óga thart timpeall ort.


Tá go leor leabhar ar fáil anois as Gaeilge do gach aoisghrúpa, go háirithe do pháistí.


Tá tábhacht faoi leith i gceist leis an léitheoireacht i dteanga atá á foghlaim agat, go háirithe teanga mhionlaigh. Nuair nach bhfuil an deis agat a bheith ag idirghníomhú leis an teanga labhartha go laethúil, tá sé an-tábhachtach rudaí eile a dhéanamh chun greim a choinneáil ar an méid atá agat cheana féin.


Is iontach iad na hachmhainní atá ar fáil dúinn anseo in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de chun cleachtadh a dhéanamh ar an teanga; TG4, Raidió na Gaeltachta, Duolingo, Tuairisc.ie mar aon le go leor rudaí eile.


Tá na leabhair Ghaeilge thuas ar bharr an liosta sin, agus aithnítear é sin le gradaim agus léarmheasanna iontacha gach bliain.


Leis an mbliain scoile istigh, agus beag eile le déanamh ag páistí seachas a bheith ag éisteach le figiúirí COVID-19 ar an nuacht, nó jabanna leadránacha a dhéanamh timpeall an tí, is féidir an samhradh seo a chaitheamh ag déanamh iniúchadh ar sheánraí difriúla na leabhar Gaeilge.


Cad a dhéanfaidh mé anois?

Is minic a bhíonn tuismitheoirí buartha faoin bhfuaimniú agus faoin bhfoghraíocht, ach ní chóir go mbeadh. Ní minic a cuirtear mearbhall ar pháistí nuair atá teanga nua á foghlaim acu, agus bíonn an chuid is mó díbh in ann plé leis an ilteangachas gan stró.


Mar sin, ba chóir do thuismitheoirí na buarthaí sin a chur i gcúl a gceann agus an Ghaeilge a dhéanamh spraíúil agus normálta.

Is leabhar iontach é Gaschaint le hÚna Lawlor do thuismitheoirí atá ag iarraidh frásaí Gaeilge a úsáid nuair is féidir: “An raibh tú riamh ag iarraidh smaoineamh ar an bhfocal nó an leagan ceart agus tú ag labhairt Gaeilge le do pháiste? Tá réiteach na faidhbe anseo! Leabhar 2000 frása, agus an chaint uile ar CDanna freisin, dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann.”




Is féidir an leabhar seo a fhágáil sa chistin agus iarracht a dhéanamh frása nua amháin a úsáid gach lá leis an gclann! Ceannaigh an leabhar anseo.



Moltar go léifí leabhair Ghaeilge os ard le páistí agus go ndéanfadh an té a bhfuil an chabhair á tabhairt aige cinnte go bhfuil na focail ar eolas aige roimh ré: foghraíocht na bhfocal mar aon le míniú na bhfocal. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste chun tús a chur leis an léitheoireacht Ghaeilge a dhéanamh as a stuaim féin. Feicfear gur féidir draíocht, samhlaíocht agus spraoi a úsáid sa Ghaeilge ar an dóigh céanna leis an mBéarla (agus fiú ar shlí níos éifeachtaí, go minic).


Tá leabhar ann do thuismitheoirí Thógamar le Gaeilge iad, agus is fiú é a léamh más rud é go bhfuil tú ag iarraidh do chlann a thógáil leis an nGaeilge ach nach bhfuil tú cinnte faoin tslí ar féidir é sin a dhéanamh go héifeachtúil agus go rathúil.





Tá aistriúchán iontach déanta ag Gabriel Rosenstock ar an leabhar rathúil, The Gruffalo, ar thug sé An Garbhán air.Tá sé scríofa go healaíonta aige agus chloígh sé leis an stíl a bhí sa leagan Béarla. Tá rithim ann agus baineann sé úsáid as focail oiriúnacha chun é a choimeád spraíúil. Is cuma mura bhfuil na focail go léir ar eolas ag na páistí 3-5 bliana d’aois, go háirithe más rud é go bhfuil an leagan Béarla ar eolas acu cheana féin. Blaiseadh iontach snasta a bheadh sa leabhar seo do pháistí óga a mbeidh leabhair Ghaeilge á léamh acu sa todhchaí. Tá An Garbhán ar fáil anseo.



Cuireadh leabhar nua na huaire ar fáil saor in aisce le déanaí: Muireann agus an Dianghasáil. Is scéal é seo faoi chailín óg a bhfuil cónaí uirthi ar oileán in éineacht lena teaghlach agus a cairde. Insítear sa scéal conas a ndeachaigh siad go léir i ngleic le deachrachtaí na dianghlasála.

Chuirfeadh an scéal seo muid go léir ar ár suaimhneas a chluinstin go mbíonn deachrachtaí ag gach duine leis na srianta agus go bhfuil sé ceart go leor más rud é go mothaíonn tú buartha nó brónach, go háirithe páistí ar comhaois le Muireann a bheag nó a mhór . Tá ceachtanna tábhachtacha ann agus is mór an tógáil croí é chomh maith.


Is féidir an leabhar a íoslódáil agus a léamh, saor in aisce anseo.



Is leabhar thar a bheith luachmhar é an leabhar Nóinín le Máire Zepf más rud é go bhfuil déagóir sa teach. D’éirigh le Máire an mhórdhuais Leabhar na Bliana a bhuachan ag Gradaim KPMG Leabhar Páistí na hÉireann sa bhliain 2020.


Níorbh aon ionadh é sin mar gur leabhar eachtrach, ríméadach agus an-chorraitheach é seo faoi chailín rud beag coimhthíoch agus ciúin a thosaíonn ar chaidreamh a bheith aici le fear ar líne. Is féidir é a cheannach anseo.


Tá go leor samplaí eile ar fáil sa liosta thíos agus is féidir @ansiopaleabhar agus @ansiopagaeilge a leanúint ar instagram chun leabhair nua a fheiceáil go rialta.










bottom of page