top of page

Blitzchomórtas CLG Líonra Leitir Ceanainn

Updated: Apr 4

Bhí ‘Blitzchomórtas CLG Líonra Leitir Ceanainn’ do bhunscoileanna a dhéanann a gcuid teagaisc trí mheán na Gaeilge ar siúl ar an Mháirt, i bPáirc Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn. Bhí sceitimíní san aer nuair a bhailigh comhordaitheoir an chomórtais, Colm Breathnach ó Ghaelscoil Adhamhnáin, gach duine le chéile chun cur síos a thabhairt ar imeachtaí an chomórtais. Ba é príomhfhócas an chomórtais ná go mbeadh lá spraíúil, sóisialta agus aicsean ag gach scoil trí mheán ár dteanga náisiúnta agus ba sin mar a bhí! B’iad Coiste Sheachtain na Gaeilge ó Ghaelscoil Adhamhnáin a d’eagraigh an comórtas agus chuir Líonra Leitir Ceanainn duaiseanna iontacha ar fáil do na scoileanna go léir.


Bhain buachaillí agus cailíní Scoil Cholmcille, an Tearmann, an dá Chraobh Sinsir ar an lá, ag bualadh na Gaeltachta Láir (SN Taobhóige agus SN Cholmcille Baile na Finne) i gcluiche ceannais na mbuachaillí agus Scoil Mhuire, na Doirí Beaga i gcluiche ceannais na gcailíní. Bhain Gaelscoil Adhamhnáin onóracha na mbuachaillí sa Chraobh Idirmheánach, i ndiaidh dóibh achrann daingean i gcoinne Scoil Mhuire, na Doirí Beaga a bhaint. Bhí barraíocht ag Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh do Ghaelscoil Adhamhnáin i gcluiche ceannais na gcailíní agus d’fhill siad ar na Dúnaibh mar bhuaiteoirí na craoibhe. Bhain buachaillí Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh, Craobh na Sóisear i ndiaidh an chluiche ceannais a bhaint in éadan Scoil Phádraig, Dobhar. D’fhág cailíní Scoil Phádraig, Dobhar, Páirc Uí Dhomhnaill sásta i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar a fháil ar an Ghaeltacht Láir (SN Taobhóige agus SN Cholmcille Baile na Finne) i gCraobh Sóisear na gcailíní.


Bhronn Bairbre Uí Chathail ó Líonra Leitir Ceanainn na boinn, na plaiceanna agus na coirn ar na scoileanna ag an deireadh agus mhol sí na himreoirí go mór as a gcuid iarrachtaí le linn imeachtaí an lae. Míle buíochas do Choiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir a thug tacaíocht do scoileanna na Gaeltachta Láir ar an lá.



'Blitzchomórtas CLG Líonra Leitir Ceanainn' for Irish medium primary schools took place on Tuesday in Páirc Uí Dhomhnaill, Letterkenny. Excitement filled the air as the competition coordinator, Colm Breathnach from Gaelscoil Adhamhnáin, gathered everyone together to describe the competition events. The main focus of the competition was for each school to have a fun, social, and action-packed day while also using our national language, and that's exactly what it was! Gaelscoil Adhamhnáin's Seachtain na Gaeilge Committee organized the competition, while Líonra Leitir Ceanainn provided wonderful prizes for all the schools.


Boys and girls from Scoil Cholmcille, Termon, claimed both Senior Championship titles on the day, defeating the Gaeltacht Láir (SN Taobhóige and SN Cholmcille Baile na Finne) in the boys' final and Scoil Mhuire, na Doirí Beaga in the girls' final. Gaelscoil Adhamhnáin boys won the Intermediate Championship, after putting up a strong fight against Scoil Mhuire, na Doirí Beaga. Scoil Naomh Bríd, Downings, dominated in the girls' final against Gaelscoil Adhamhnáin, and they returned to Downings as championship winners. Boys from Scoil Naomh Bríd, Downings, won the Junior Championship title after winning the final against Scoil Phádraig, Dobhar. The girls from Scoil Phádraig, Dobhar, left Páirc Uí Dhomhnaill delighted after defeating the Gaeltacht Láir (SN Taobhóige and SN Cholmcille Baile na Finne) in the Junior Girls' Championship final.


Bairbre Uí Chathail from Líonra Leitir Ceanainn presented the medals, plaques, and trophies to the schools and praised the players for their fantastic efforts during the day's events. Many thanks to the Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir for supporting the Gaeltacht Láir schools on the day.

bottom of page