top of page

Borradh tagtha ar an Ghaeilge i Leitir Ceanainn

Cuireadh tús le ranganna Gaeilge éagsúla i Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Eanáir / tús mhí Feabhra agus ní haon bhréag é a rá go bhfuil an-éileamh go deo orthu! Thosaigh cúpla rang do thosaitheoirí, meánrang, ardrang, rang do dhaoine le riachtanais bhreise foghlama agus rang comhrá do dhaltaí meánscoile. Anois tá níos mó ná 100 duine i mbun ranganna le Líonra Leitir Ceanainn agus na múinteoirí iontacha Pádraigín Ní Dhomhnaill, Rónán Ó Bróithe, Meadhbh Nic Fhionnaile, Siubhán Uí Dhochartaigh agus Elaine Ní Fhearraigh mar theagascóirí acu. Is léir go bhfuil casadh na taoide le feiceáil ó thaobh na Gaeilge de i Leitir Ceanainn agus nach iontach an rud é go bhfuil pobal an bhaile níos tiomanta ná riamh Gaeilge a fhoghlaim agus an teanga a chur chun cinn - cibé rud atá le rá Ivan Yates!

Gabhann Líonra Leitir Ceanainn buíochas le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall as an mhaoiniú chun roinnt de na ranganna thuas a chur ar fáil. 



The end of January / beginning of February saw the start of various Irish language classes in Letterkenny, and we're delighted to say that there has been a huge demand for them! Ranging from a couple of classes for complete beginners to an intermediate class, advanced class, class for people with additional learning needs, and conversational classes for secondary school students, there are currently more than 100 people learning Irish with Líonra Leitir Ceanainn - and all the students being taught by the wonderful teachers Pádraigín Ní Dhomhnaill, Rónán Ó Bróithe, Meadhbh Nic Fhionnaile, Siubhán Uí Dhochartaigh, and Elaine Ní Fhearraigh. It is clear that a revival of the Irish language in taking place in the town, and isn't it just fantastic that the community is more dedicated than ever to learning Irish and promoting the language - whatever Ivan Yates might have to say!

Líonra Leitir Ceanainn would also like to thank the Donegal ETB for providing funding for some of the aforementioned classes.


















bottom of page