top of page

Club Leabhar an Iarthuaiscirt

Bhí an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair le Club Leabhar an Iarthuaiscirt Dé Máirt 10 Bealtaine in Iarsmalann an Chontae. Léigh Tadhg sleachta dá leabhar Madam Lazare, labhair sé faoin saothar a bhí i gceist a leithéid de leabhar a scríobh agus thug sé deis do dhaoine a gcuid tuairimí agus ceisteanna a phlé leis. Oíche an-spreagúil a bhí ann le cur agus cúiteamh bríomhar, taitneamhach.


Is é Gearrscéalta Ár Linne roghnaithe ag Brian Ó Conchubhair an chéad leabhar eile a bheith á léamh ag Club Leabhar an Iarthuaiscirt. Tá an leabhar ar fáil i Bookmark san Ionad Siopadóireachta. Tá líon beag leabhar ar fáil ó Rannóg na Gaeilge agus is féidir dul i dteagmháil le Róise ar rmcclafferty@donegalcoco.ie Is é Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun Club Leabhar an Iarthuaiscirt a reáchtáil.

Club Leabhar an Iarthuaiscirt / The Northwest Book Club


The author Tadhg Mac Dhonnagáin attended Club Leabhar an Iarthuaiscirt on Tuesday 10 May in the County Museum. Tadhg read passages from his book Madame Lazare, he spoke about the work involved in producing such a novel, and he welcomed those present to share their own opinions with him and to ask questions. It was an inspiring evening with lively, enjoyable comments and debate.


Gearrscéalta Ár Linne, a compilation of short stories in Irish selected by Brian Ó Conchubhair, has been selected as the next book that Club Leabhar an Iarthuaiscirt will read. It is available in Bookmark in the Shopping Centre. There are also a small number of copies available from Rannóg na Gaeilge in Donegal County Council. Róise can be contacted at rmcclafferty@donegalcoco.ie It is Rannóg na Gaeilge, or the Irish Language Department, in Donegal County Council, that organises Club Leabhar an Iarthuaiscirt / The Northwest Book Club.

bottom of page