Tá Féile an Fhómhair ar ais, agus deireadh seachtaine mór beartaithe againn chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge i Leitir Ceanainn.

SEISIÚN CEOIL: Oíche Dé hAoine, 30ú Meán Fómhair
Cuirfear tús spleodrach leis an Fhéile oíche Dé hAoine, 30ú Meán Fómhair, le seisiún ceoil i gClubtheach Naomh Adhamhnáin ar 7.30pm. Tá fáilte roimh chách agus tabhair leat d'uirlis féin chun páirt a ghlacadh sa seisiún!

LÁ SPRAOI: Dé Sathairn, 1ú Deireadh Fómhair
Bígí linn ar Lá Mór Spraoi sa Pháirc Dé Sathairn, agus tabhair leat an teaghlach agus do chuid cairde. Beidh neart imeachtaí spraíúla ar siúl i rith an lae, le rud éigin ar siúl a chuirfidh gach duine suim ann, agus is deis iontach í seo teacht le chéile mar phobal Gaeilge agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí agus ar theaghlaigh eile atá ag tógáil clainne le Gaeilge chomh maith.

OÍCHE GHAELACH: Dé Sathairn, 1ú Deireadh Fómhair
Bígí linn an oíche seo chun ceiliúradh mór maith a dhéanamh ar an Ghaeilge sa cheantar. Is cinnte gur oíche mhór a bheidh inti le scoth an bhia, an cheoil agus an damhsa san Óstán Castle Grove. Tá spásanna teoranta mar sin tapaigh an deis anois d'ainm féin a chur síos!
Tá ticéid ar fáil ar €40 an duine agus is féidir iad a cheannach trí theagmháil a dhéanamh linn. Tá níos mó sonraí faoin imeacht seo ar www.lionralc.ie/post/an-bhfuil-do-chulaith-réidh-agat-don-oíche-ghaelach

SIÚLÓID THREORAITHE: Dé Domhnaigh, 2ú Deireadh Fómhair
Tá muid ag dúil go mór le Siúlóid Threoraithe a chur ar siúl ar lá deireanach na Féile agus roinnfear níos mó eolais faoi seo ar ball.
- BÉARLA / ENGLISH -
Féile an Fhómhair, 30 September - 2 October
Our Autumn Festival, Féile an Fhómhair, is back, with a great big weekend planned to celebrate the Irish language and the Irish-language community in Letterkenny.
MUSIC SESSION: Friday night, 30 September
The Festival will kick off with a bang on Friday 30 September with a music session in St Eunan's Club House at 7.30pm. All are welcome, and be sure to bring your own instrument along to take part in the session!
FUN DAY IN THE PARK: Saturday, 1 October
Join us for our Big Fun Day in the Park on Saturday, and bring along your friends and family too! Loads of fun activities will be taking place throughout the day with something for all interests. This will be a great opportunity for the local Irish-language community to come together and socialise, and to meet new people and other families that are raising children with Irish.
OÍCHE GHAELACH: Saturday, 1 October
Join us for this special celebration of the Irish language in the Letterkenny area. This will be a fantastic evening with wonderful food, music and dancing in the Castle Grove. Spaces for this event are limited so make sure to get your name down now!
Tickets cost €40 per person and can be purchased by contacting Líonra Leitir Ceanainn. More details about this event are available at www.lionralc.ie/post/an-bhfuil-do-chulaith-réidh-agat-don-oíche-ghaelach
GUIDED WALK: Sunday, 2 October
We look forward to a Guided Walk on the Sunday. More details will be shared about this event closer to the time.