top of page

Oíche Ghaelach den scoth i Castle Grove

Ba iontach an scaifte a tháinig le chéile oíche Shathairn seo caite i Castle Grove. Bhí ceol galánta ó grúpa ceoltóirí ó Coirm agus daoine ag teacht isteach, rud a chruthaigh atmaisféar álainn. Bhí béile den scoth againn agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an fhoireann i Castle Grove. Ba iad Seán Mac Corraigh agus Michéal Coyle na ceoltóirí a bhi againn agus chaith muid an oíche ag damhsa is ag éisteacht le ceol iontach s'acu. Oíche Ghaelach speisialta a bhí ann!





bottom of page